Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/94

From Wikisource
This page has been validated.
84
An t‑Oileánach

“Dhera, ’dhiabhail, nár fhágais stuif na mboscaí id’ dhiaidh, a dhéanfadh mo chótaí a ruamadh dhom atá istigh le ráithe ag brath leis,” ar sise.

“Tá paiseón ort, a bhean bheag,” ar seisean.

“Ní h‑iongantas dom san agus trí bhosca mhóra lán insa tigh seo thiar di agus gan pins agam-sa a chaithfinn leis an gcirc di,” arsan bhean.

“Is cuma dhuit-se cad tá agat ná uait mar taoi as do chéill glan,” arsan fear léi.

“Ó! beagán rath ort, rud atá ort nó ar aenne atá id’ threo!” ar sise, “agus an chluas a bhaint díom-sa go mbeidh barra na mboscaí úd ag an bhfear a thug leis iad; agus ná raibh droch-earradh riamh i mbosca comh h‑ornáideach leis—bosca a bhí siúndálta ó’n dtaobh istigh agus é comh geal le scillin’, le luadh ’n‑a thimcheall.”

Fear breagh so-ranna dob’ eadh fear an tighe ach an uair a chuir sí an t‑olc go léir air do chuaidh sé chun cinn leis an mbáiléar.

Lá de’n tseachtain a bhí chughainn thug an bhean so turus eile ar bhean na gcótaí; agus do bhíodar aici gan cháim; ach do bhí scéal nua eile aici dhi i dtaobh na stuife agus d’innis di an tairbhe eile do bhí aici ’á bhaint aisti—go raibh dhá shutha muice aici agus go rabhadar ag fagháil bháis leis an ngorta ach ó chrom sí ar bheith ag beirbhiú na stuife dhóibh agus dorn mine do chaitheamh uirthi go rabhadar amuich insa bhuaile agus a mbolg anáirde, “agus is geairrid go mbeid siad reamhar glan,” ar sise.

“Mhuise, milleadh ’s meath ar a’ bhfear nár thug gráinne chun an tighe dhi,” arsan báiléar mná, “agus dhá sculartach muice ar an dteinteán agam agus iad i reachtaibh na leanbh a dh’ithe leis an ocras, gan ionnta ach na cnámha agus an croiceann agus iad nach mór bliain d’aois.”

“Dhera,” arsan bhean eile, “ó tá an scéal imithe anois ná leig ort gurb oth leat é.”

An uair a bhain an ropaire mná so an tigh amach dob’ fhada