Níorbh fhada liom an lá fós ar scoil agus ba luath liom nuair adubhairt an Mháighistreás “Home now”—abhaile anois. Do chuaidh cuid aca i ngreim sa doras le feac chun bóthair. Cannta de chíste do bhí romhainn-ne agus braon bainne leis. Do bhíodh iasc le h‑anaman na marbh i gcomhnaidhe beirbhithe ach bhíodh col againn leis go minic. Do bhí Pádraig agus oiread seilge aige lem’ athair an uair seo agus raghairse agus flúirse insa bhothán againn, teine iongantach, annlan ár ndóthain chun gach sórt bídh do thagadh treasna orainn do shlugadh siar go faobharúil.
Ar an dTráigh Bháin annsan linn an chuid eile de’n lá.
Amáireach b’í an scoil ár gcúram ar fad, mar bhí rabharta na feamnaighe imithe. Do chonnac a cuid éadaigh nua ar mo mháthair agus b’ait liom san. Do rith sí anall chugham agus rug sí ar láimh orm, do chroch mo chuid éadaigh agus thug póg dom.
“Bí id’ bhuachaill mhaith anois,” ar sise, “nó go dtucfad-sa abhaile. Tabharfad-sa milseáin ó’n nDaingean chughat. Dein rud ar Mháire agus ar Cháit agus téir’ a chodla dhóibh.”
Chromas ar ghol ach níor leanas ró fhada air.
Do bhuaileas amach chun scoile i n‑éineacht le Nóra is Eibhlín. D’fhan Máire agus Cáit i bhfeighil an tighe toisc mo mháthair a bheith ag dul as baile. Ar dhul isteach dúinn bhí an ghramaisc ar fad istigh cé ná raibh mo pháirtidhe féin tagaithe fós—an té dob’ annsa liom. Do bhí leabhair bheaga ’á thabhairt amach an lá so, an clár dubh agus rudaí stróinséartha ’á chur air agus na seana-rudaí ’á lot. Rudaí móra eile thall is i bhfus ar crochadh leis an bhfalla. Do bhí mo shúil ar gach ceann aca.
Do bhí breithniú déanta ar gach ní aca san agam nuair do bhuail an Rí isteach agus ba gheal liom é. Do bhí a ionad féin roimis agus do bhain amach í le h‑ais liom agus ar an slí go bhfeaca ag póiceáil é d’iarraidh a bheith le h‑ais liom do