Ní mór an chainnt a bhí age triúr againn-ne ’á dhéanamh ach ag meilt gach sóirt aca siar nó go rabhamair i mbuille do bheith sásta. Sin é an uair do chuir mo mháthair cainnt orm-sa i dtaobh na scoile mar bhí eagla uirthi go dtachtfadh an ghreamatáil me nuair a bheinn ’á freagairt.
“Seadh, a Thomáis, a bhuachaill! nach breagh bheith ar scoil?” ar sise. “Conus a thaithin an bhean uasal leat?”
“’Mhuire, an t‑ubhall mór groidhe a thug sí dho!” arsa Nóra.
Ní rabhas buidheach de Nóra nuair nár leig dom féin í fhreagairt.
“A’ bhfuairis, a Thomáis?”
“Fuaireas, a mham, ach bhain sí seo smut as agus Eibhlín smut eile.”
“Ach bhí an t‑ubhall ana-mhór—bhí do dhóthain ann ’ár ndiaidh,” arsa Eibhlín.
“Seo libh aríst, a chroidhe,” arsa mo mham liom.
Thugamair tamall eile ar scoil agus bhíodh an Rí le h‑ais liom féin ar an stól agus ba bhreagh sochma an balcaire garsúna é agus do lean sé dhe. Comh-aois dob’ eadh sinn. Do bhíodh sé ag síneadh a mhéire go minic chun garsúin eile a bhíodh crosta, duine aca ag scréachaigh, beirt, uair eile, dólámhach ag gabháil d’á chéile, srón gan séide age balcaire thall ’s i bhfus. Níor mhaith leis an Rí na radhairc sin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ’á dteasbáint domh-sa. Féach an mianach a bhíonn geinte as óige i nduine gur gnáthach leis gan scarúint leis. B’in ionbhadh[1] ag an Rí é, níor mhaith leis na radhairc tuathalacha salacha úd d’ fheiscint i dtúis a óige, agus a laigheadh suime a chuireadh an chuid eile go léir ionnta! Níorbh iongna mar sin nuair do ghaibh na h‑údair timcheall agus gur mhaith leo ainm Rí a bheith ar an mBlascaod gur dheineadar amach an té do bhí ábalta chun na h‑ainme do ghlacadh agus d’iompar.
- ↑ “Ionú” adeirtear.