thuigeas go raibh oiread de ghean aige orm agus do bhí agam air.
“Táim déanach,” ar seisean liom i gcogar.
“Anois a tháinig a bhfurmhór isteach,” arsa mise leis.
Do sméid an Mháighistreás orainn go dtí an clár dubh. Do theasbáin sí dhúinn na litreacha bhí air sé h‑uaire.
Tháinig an Aoine agus nuair a bhí an lá istigh agus sinn chun dul abhaile dubhairt sí linn gan teacht go Luan. B’ana-mhaith le cuid mhaith aca an rabhadh san d’fhagháil ach níor chuir sé sceitimíní móra orm-sa mar b’ fhearr liom teacht. Is dócha nách le dúil sa léighean é ach gur bhreagh liom bheith i dtreo mo pháirtidhe—an Rí.
Ní raibh mo mháthair le teacht ó’n nDaingean go Domhnach agus do cheap Máire agus Cáit ná raghainn a chodla dóibh bán ná dearg, agus do bhíodar ag briadaireacht liom agus ag dul chun tláithínteacht liom. Sara raibh am chodlata chuige ann do thuiteas im’ mheig ar ghlúin m’athar agus dubhairt san leo me thabhairt a chodla. Do bhí san déanta gan mhoill.
’Sé an coileach a dhúisigh ar maidin me agus an t‑eadartha ann. Toisc nár chuireas codla na h‑oidhche amú ortha bhí gach nduine aca im’ chúram. Ní rabhas gan fritheáladh ó gach nduine aca. Ní rabhas im’ ghliogaire comh mór agus a cheapadar dom, dar ndóigh. Do bhí na fiacla tagaithe dhom agus me ábalta ar gach ní do mheilt leo agus me insa tslí nár cheap aenne dhom a bheith insan aois a bhí agam. Comhartha leis sin gur stop an chailleach bhéal-dorais ó bheith ag rádh faic liom. Do chaith sí uaithe “an peata” agus “gamhain seana-bhó” agus rudaí mar seo adeireadh sí lem’ mháthair im’ thaobh-sa, ’r a shon go dtabharfadh duine an leabhar an bhó gur léi í féin go raibh sí caoga bliain.
Lá Domhnaigh a tháinig mo mháthair abhaile ó’n mbaile mór. Do bhí mála bán agus mála garbh aici agus a lán rudaí ionnta. Ach ní raibh blaiseadh de thé ná de shiúicre ’n‑a measc, ná aon chur amach ortha insan am úd. Me féin a thug an mála bán abhaile liom agus níor bhe’ liom d’ualach é cé gur