Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/204

From Wikisource
This page has been proofread.

shroichstint; agus rud dob’ fhearr ná san, sciobadh ar an mbreac do bheadh agat. Do bhíos féin agus Paid ag déanamh go maith leis an naomhóig bhig mar do bhí líomatáiste ár ndóthain againn agus gan aenne chughainn ná uainn ann.

Is leis an gconntráth déanach is fearr a théighid gleamaigh ins na potaí. Tráthnóna, bhíomair ana-dhéanach agus bhíodar ag dul ionnta go tiugh.

“Nach mór an náire d’aenne bheith ag dul abhaile oidhche chiúin, chalma, ná fuil fada ná fuar!” arsa Paidí liom-sa, “agus ór le fagháil i bpotaí. Dá mbeadh na daoine atá insan áit seo tamall mar a rabhas-sa do bheadh eolas a thuille aca.”

“Sara mbeam sa bhaile anois beidh an lá ann,” ar seisean. “Tugaimís moill do sna potaí tamall agus beidh oiread céadna arís ionnta agus atá bainte againn asta, agus má bhíonn nach mór an scrupall bheith ’á bhfágaint annsan.”

Mar gur dhuine é, mara dtabharfá cead a shrón do ná beadh sé it’ fhochair chuige amáireach agus call maith do bheith agat leis, bíodh nár thaithin an scéal liom féin ró mhaith, b’éigean dom cur suas leis nó an naomhóigín bheag a bheith d’ionntaoibh liom féin amáireach.

“Téanam,” ar seisean, “tá aga a ndóthain fachta aca. Beimíd ’á mbraith.”

Sin mar bhí. Ar tharrac an chéad phota ní cleataráil go dtí mar bhí istigh ann.

“Is dócha gurb eascú atá ann,” arsa Paidí, a bhí ar na maidí rámha i dtosach na naomhóige.

“Ní dóigh liom gurb eadh.”

Do chuireas mo lámh síos ’on phota agus thugas stúmpa gleamaigh aníos agus ceann eile ’n-a dhiaidh.

“A’ bhfuil dhá ghliomach ann?” arsan fear tosaigh.

“Tá, agus dhá cheann bhreaghtha féin,” arsa mise leis.

“Sin dhá scillin’. A Rí na bhFeart! is mó deóir alluis