Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/203

From Wikisource
This page has been proofread.

nuair a chonnac an séideán a bhí amuich agus a thuigeas an cruatan a rug air sin d’iarraidh an chuasa bhaint amach leis an naomhóig agus mise im’ ualach ’n-a tóin thíos.

Do bhí an gála fós ann gan aon bhogadh; ach mar sin féin do bhí fothain na talmhan againn anois agus, dar ndóigh! níor bhád gan biadh sinn san am san. Cé gur timcheall Bheiginis a bhíomair, agus gan san i bhfad ó’n dtigh, níor dheineamair aon mhachtnamh ar an gcuas a bhí againn d’fhágaint.

I gcionn tamaill thug sé sórt bogadh air féin insa tslí go ndubhairt Paidí; “B’fhéidir go mbeadh sé ar ár gcumas na potaí tharrac. Tá sánas ó’n ngaoith cois na gcloch so.” Ní raibh fonn orm féin chun san a dhéanamh ach fear dob’ eadh é gur mhaith leis toradh d’fhagháil ar a ghlór agus nuair a thiocfá treasna air do bheadh sé trí lá ’n-a dhiaidh sin gan aon mhaith.

Do chuireamair chun an ghnótha gur bheartuigh sé air. Air féin ba mhó do bhí an bráca mar dob’ é bhí ag rámhaidheacht agus mise ag tarrac na bpotaí. Ní raibh na potaí ach tarraicthe againn gur shéid sé maol, gléigeal ar fad. Do bhaineamair an cuas arís amach. Do bhí dosaon gliomach againn as na potaí.

Do bhí sé ’n-a mheán-oidhche nuair a bhaineamair amach an t-oileán an oidhche sin agus bhí ár muinntir suaidhte go maith ’n-a n-aigne agus iad ag bailiú cabhrach chun dul ar ár lorg mar ba dheimhin leo gur báithte bhíomair.


Ana-bhliain seilge dob’ eadh í sin. Níl aon chor do bhainfá as na potaí ná go mbeadh dosaon gliomach agat agus dob’ shin dosaon scilling; leath-phaca plúir ar an ndosaon scilling sin; leath-phaca mine ar hocht scillinge agus gach uile ní d’á réir. Níor dheacair do’n nduine bocht maireachtaint an uair úd.

Tar éis scarúint na long úd uaim tháinig mí ana-bhreagh ar fad ná raibh luascadh ar aon linn agus dob’ é sin an saghas aimsire dob’ annsa chun an sórt éisc a bhí ar siubhal a