fear eile go mb’fhearr dhom ciall a bheith agam agus druidiúint leis an dtalamh ar dtúis sara mblaisfinn é, agus go raibh am mo dhóthain agam chuige.
Níorbh’ aon mhaith bheith liom. Dubhart leis ná déanfainn ach é bhlaiseadh féachaint cad é an sórt é. Do cheapas marar nimh ar leithligh é go mbeinn ar an dtaobh sábhálta dhe; ach ar nós gach uile rud eile ní féidir leis an bpeacach déanamh mar is maith dho. Sé an cupán beag adhmaid do bhí ag taoscadh na naomhóige an t-árus do bhí agam agus lán spíonóige mheasas a scaoileas as an mbuidéal. Nuair a chonnaic Paid a laighead a leigeas amach ar seisean—“Ó taoi ag cur chuige cad é an mhaith duit rud gan mhaith?”
“Braith an abha sara dtéighir ’na cuilithe,” arsa mise go fáigiúil; agus dob’ é sin an focal deirinneach a fuair sé uaim go ceann dhá uair a chluig ’n-a dhiaidh sin. Do bhí tuairim míle de’n tslí ciorraithe againn an uair sin agus leath mhíle eile le dul agus, mar bharr ar an ndonas, scailp gaoithe séidthe mar a bheadh saothrú chun brothail geal gléigeal; agus do bhí san feicithe agam sarar ólas an rud a bhí sa chupán agam.
Siar leis. Nóimeat, adubhairt Paidí liom ’n-a dhiaidh sin, do dheineas seasamh tar éis í ól an t-am gur thuiteas ar thóin na naomhóige. Do cheap an fear bocht gur marbh a bhíos agus do thuig gur nimh a bhí insa bhuidéal agus san imithe mar dhearmhad ar na h-uaisle. Do thug mo dhuine bocht stuif agus smior na gcnámh d’iarraidh na talmhan a bhaint amach.
Díreach agus an talamh bainte amach aige agus gan ann ach deire na déithe, é ar linn cuasa go raibh fothain ann i mBeiginis, sin é an t-am gur phreabas-sa as mo shuan gan mhaisle, gan mháchaill.
“B’fhéidir go mb’fhearra dhuit braon beag eile thógaint do!” arsa Paidí liom.
Thuigeas gur le seana-bhlas adubhairt sé an méid sin agus ní dubhart aon ní. Go deimhin do bhí náire mo dhóthain orm