Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/205

From Wikisource
This page has been proofread.

nár mhór domh-sa shileadh i Meirice ar dhá scillin’ sochas an pota so a thabhairt ’on bhád dhá fheadh uisce.”

San am go raibh deire na bpotaí tarraicthe againn do bhí dosaon de ghleamaigh bhreaghtha ionnta.

“A Mhuise, nach mó scillin’ bhog sa bhfarraige!” ar seisean, “sochas áiteanna eile go bhfuil allus fola d’iarraidh na scilline a shroichstint. Mo chorp agus m’anam go bhfuil daoine i Meirice, do gheobhadh airgead comh bog so, ná déanfadh codla ná suan ach ’á shíor-tharrac so aníos.”

Do chreideas go feille-mhaith an méid sin uaidh cé go mbíodh a lán scaothaireacht ag baint leis agus gur mall a chreidinn go minic é. Ní rabhas féin comh dall san ná go dtuigfinn cad a bhain le tíortha teo thar lear, obair throm agus saoiste ag faire, nó beirt go minic.

Timcheall uair a chluig moille bhí déanta againn san am gur bhraitheas ag cur na maidí amach arís é. “Ní foláir nach chun suain ar fad a ragham. Ó tá an oidhche againn ’á chaitheamh bíodh rud éigin d’á bharr againn,” ar seisean ag caitheamh téad phota, do bhí ceangailte chun tosaigh, ag coimeád na naomhóige faid a bhíomair ’ár stad, amach i bhfairrge uaidh.

Fé mar dubhart cheana do bhí orm a bheith im’ bhuachaill aige i n-ionad a bheith im’ mháighistir nó ní bheadh crích orainn. Do chuamair i dtosach ár ngnótha arís agus insan am go raibh deire na bpotaí againn do bhí dosaon eile againn. Do chuamair ar leabaidh anncaire arís.

“Is beag an t-iongnadh bochtáin a bheith ar chósta na hÉireann,” arsa Paid, “agus tá leis, agus go raibh a thuille ’ca ann! mar is maith an scéal iad, aon diabhal dream fear atá a’ sranntarnaigh insan am so d’oidhche bhreagh chalma agus ór agus airgead le fagháil ar bheagán duaidh agus alluis.”

Ba dhóigh le duine go raibh smut de’n gceart aige ach is dócha leis ná féadfadh an peacach seasamh de ló agus