Tamall fada ’n-a dhiaidh sin iseadh thugamair an chéad turus eile go h-Uibh Ráthach. Oidhche stoirme tháinig agus maidean lár-na-mháireach do bhí ceann de sna báid mhóra fuadaithe chun siubhail. B’í bád a bhí imithe ná ár mbád-ne. B’eo liútar-éatar ar fuaid an bhaile. Ba mhór an díobháil dúinn é mar ba bhád breagh nua fós í; agus am de gach bliain go mbíodh seilg mhaith againn ’á dhéanamh léi. Bhí sí imithe gan tuairisc uainn.
Lá de sna laethe do bhí mo thurus féin ar Dhaingean Uí Chúise. Lá Sathairn dob’ eadh é. An uair sin bhíodh báid stróinséartha thar lear ag lorg mairciréal Bhealtaine ar fuaid an chósta so agus bhídís ar fad stadaithe insna cuanta ó Shatharn go Luan. Do bhíodar i gcuan an Daingin an lá san.
Ar dhul isteach i dtigh dom seadh chuala buachaill as ceann aca ’á rádh le fear an tighe go bhfuair bád aca, ar maidin an lae sin, bád breagh raice timcheall na Scealg agus gan maisle ná máchaill uirthi agus gur cuireadh isteach ar ché na Coise í i nDairbhre, fé chúram an tsagairt a bhí san oileán, chun í chur i dtreo an dreama gur leo í.
“B’fhéidir,” arsa fear an tsiopa liom-sa, “gurb’ í sin bhúr mbád-ne.”
“B’fhéidir é,” arsa mise leis. Thugamair comharthaí do’n bhfear óg agus thug sé sin comharthaí dhúinn ar an mbád, agus dheineamar amach gurbh í an “Collach Dubh” a bhí ann.
Dubhart le fear an tighe an deoch dob’ fhearr a bhí istigh a chur amach go dtí an stróinséir fir a thug an scéal maith chugham. Is amhlaidh a chuir an stróinséir scearta gáire as. “Ní foláir nach é an fear go bhfuil a bháidín imithe leis an muir a thabharfadh deoch dúinn-ne go bhfuil ár mbád againn, agus rud tuillte againn tar éis na seachtaine. Téigheadh an deoch so orm-sa,” ar seisean; agus ní bheadh sé sásta le n-a mhalairt.
Nuair a bhuaileas amach do bhuail fear ó Dhúnchaoin liom agus a chapall gabhtha aige chun dul abhaile agus fuaireas