Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/185

From Wikisource
This page has been proofread.

glan sé troighthe, scoth gruaige uirthi agus í go rábach. Bean éisc dob’ eadh í agus thug sí tuairim aithne gur de’n chéird chéadna sinn-ne agus bhí sí ag brúghadh muinnteardhais orainn. Ní ró fhada gur chuala:

“Come along, Blashket man, won’t ’ou have a dhrink?” ag an mnaoi ’á rádh leis an bhfear liath.

“I bhóint nait, Meám,” arsan fear liath bocht, mar nár thuig an scéal sa lán-chruinn, agus de gheit do chas sé chun teichte agus le linn casadh dho chuir sí crúca i ndrom a bhest agus thug léi ó mhullach talamh an píosa san. Do lean an bhean ruadh go béal dorais tighe an lóistín sinn chun drom a bheiste thabhairt do’n bhfear liath, agus bhí luas anáile ar bheirt againn-ne d’iarraidh coimeád suas leis an sciúird siubhail a bhí fé ár nduine ag imeacht uaithe.

Do chodluigheamair go maith an oidhche sin agus an uair a bhí solus an lae againn, agus ár gcuid bidh caithte, do bhuaileamair amach. Do bhí an fear liath gan aon bhest agus do cheannuigh sé bhest nua agus do cheannuigh drom nua do’n gceann stracaithe. Do bhí gach nduine ag ceannach rudaí suaithinseacha ar fuaid na Cathrach insa tslí nár thug aon duine de chriú an bháid leath-phingne go dtí an Blascaod d’fhiacha na mairciréal mbeag. An uair a bhí ár ngiúirléidí go léir bailithe le chéile b’eo linn ag baint an bhaile amach.

Nuair a bhuaileamair an baile b’éigean dúinn cur síos ar gach aon scéal dóibh; agus, mar is gnáth riamh, do bhí fear toirmisc ’nár measc agus níor mhór do scéal na bheiste tharrac anuas. Do chuir sé croiceann ar an scéal dóibh agus ní mór ná gur thairrig sé fuath idir an bhfear liath agus a bhean, agus ní slán a chuaidh an chuid eile againn ach oiread. Pé rud a bheadh ar earraí i nUibh Ráthach as súd amach ní raibh mór-fhonn ar mhná an oileáin go ceann i bhfad na fearaibh a leigeant ag díol aon ní ann. Is mór an toirmeasc a dheineann cainnt dhíomaoin uaireannta.