Page:An t-oileanach.djvu/138

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bád agus do lean a raibh sa chloich go dtí an t-uisce sinn agus ní raibh fead ná glaodh asta toisc sinn do bheith ’á bhfágaint. Níl gnó agam-sa ’á rádh ná gur chailleas féin mo chuid suilt, pé duine eile do chaill í, agus ní h-iongnadh san agus me ag scarúint leis an dtamall grinn is mó do bhuail riamh liom agus ’n-a theannta san me ag tabhairt mo chúil leis an ógmhnaoi ba thaithneamhaighe liom ar an dtalamh naomhtha insan am san.

Seadh do bhogamair linn aniar agus do bhí formad maith linn ag an muinntir do bhí i bhfus. Bhí ár n-ualach de choiníní saille againn agus gan ag an gcuid i bhfus ach feamnach, is móin, is aoileach.