Page:An t-oileanach.djvu/137

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
127
An t‑Oileánach

raibh an bricfeast ullamh agus annsan bhíomair ag bailiú gach ní isteach sa trucaill mar bhíodar déanta suas againn ó’n lá roimis sin. Ní mór an t‑anam a bhí i nDiarmaid na mBeach fós; ach pé aca san é as go bráth linn as an mbaile mór tar éis trí lá agus trí oidhche bheith caithte againn ann.

Thugamair ár n‑aghaidh ar Dhúnchaoin agus bhíomair ann go luath. Do bhí bád tagaithe amach fé bhrághaid bhean na h‑Inise. D’fhág fear an chapaill slán agus beannacht againn agus thug aghaidh ar Bhaile an Fhirtéaraigh, a bhaile dúthchais.

Bhuaileamair síos go dtí an bád láithreach agus sheolamair go dtí an Blascaod Mór. Níor cuireadh lón na h‑Inise as an mbád, do dhein Diarmaid plean bualadh siar go dtí an chloch san ’n‑a dteannta agus fanúint cúpla lá thiar, gléas fiadhaigh do bhreith linn agus go mbeadh beart breagh coiníní ag filleadh againn.

Ní raibh dul as agam-sa cé ná raibh mór-fhonn orm toisc me bheith suaidhte tar éis an Daingin; ach drifiúr do bhean na h‑Inise do bhí pósta age Diarmaid agus drifiúr do Dhiarmaid dob’ eadh mo mháthair agus ’na theannta san do bhí an óigbhean sa scéal. Do bhínn féin agus í féin ag spochaireacht ar a chéile i gcomhnaidhe.

Thógamair anáirde ár seolta arís agus as go bráth linn gur shroicheamair Inis Mhicileáin. Thugamair dhá lá agus dhá oidhche insa chloich sin, birt coiníní ag teacht gach tráthnóna againn, amhráin go flúirseach i rith na hoidhche nó go mbíodh sé a h‑aon a chlog, is dócha, agus codladh go eadartha annsan. Ní stadadh an sean-úncail annsan ach am’ luadhachtaint féin agus na mná óige le ’chéile gach oidhche agus gach uair agus do bhíodh sórt rógaireachta ag baint leis gan amhras, mar gach rud suaithinseach d’á mbíodh le fagháil thugadh sí sin aire go mbeadh ár gcuid de age beirt againn i bhfios agus i gan fhios ar feadh na h‑aimsire!

Maidean an tríú lae ní raibh sé ró bhreagh ar fad agus do dheineamair beartú ar bheith ag baint an tighe amach. Do bhí ár lán-ualach ar gach duine againn ag teacht go dtí an