Do cheap fear na cloiche[1] gur bád raice í tar éis long a dhul síos nó gurbh amhlaidh a bhí leath ar bhain leis marbh agus bhí sé amach go dtí n‑a bhásta ag an gcalath rómpa mar do bhí tarrac mór ann. Do chuir sé an cheist láithreach cad a thug iad a leithéid de lá.
“A leithéid seo a thug sinn,” arsa Diarmaid ag innsint do, “agus níl fágaint na cloiche gan sórt éigin beo nó marbh.”
“Ar mh’anam, mhuise!” arsa fear na cloiche, “go bhfuil do dhóthain le déanamh agat thar ar chuiris riamh díot.”
Do bhí an lá ag dul ar bun agus ag séideadh agus do bhíos féin isteach agus amach mar ná raibh pian ná tinneas insa chois agam. Do bhí mo mháthair síos suas, leis, ag éisteacht leis an ngála mór, fé mar bheadh cearc go mbeadh ubh aici, agus dubhairt sí i gcionn tamaill: “Tá eagla orm go mbeidh an lá ceannaithe age lucht na fairrge mar gheall ar do chois,” ar sise.
Pé eagla bhí orm féin i dtaobh na coise, agus go mb’fhéidir gur chos mhaide bheadh fúm, do bhí tinneas an Chullaigh Dhuibh agus a raibh innti fé’n am san orm.
Thug fear na cloiche muinntir an bháid go dtí n‑a thigh agus thug biadh dhóibh. An uair a bhí san caithte do ghlaoidh sé ar chuid aca i n‑éineacht leis ag cuardach an róin. Tar éis a raibh de phuill san inis a chuardach do theip ortha aon cheann d’fhagháil. B’éigean dóibh casadh ar an dtigh.
Do bhí liútar éatar age Diarmaid annsan go mbeadh fear na coise tar éis bháis. Dubhairt fear na cloiche go raibh aon pholl amháin eile ann agus nár mhór fiche feadh ’théid chun dul ann, agus “tá téad annso agam-sa chun caoirigh thabhairt as draipeanna,” ar seisean.
“Ca’il a’ téad?” arsa Diarmaid.
Do bhuail sé an téad chuige ar a dhrom agus b’eo amach é agus an chuid eile i n‑éineacht leis. Do scaoileadh síos insa téid é, maide aige fén’ ascail chun an róin do mharbhú,
- ↑ Duine bhí ’na chomhnaidhe san inis.