Page:An t-oileanach.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


“Tá Tomás chughat, a Eibhlín,” arsa mo mháthair leis an gcailligh.

Do phreab sí de gheit ’n-a suidhe agus do bhuail amach agus an uair a chonnaic sí an t-ualach breagh a bhí age n-a fear chúichi do leig scearta mór gáire. Le suim mhór roime sin ní raibh aici ach gráinne de shalann gharbh mar annlan.

Annsan tháinig Diarmaid agus an t-asal go dtí an doras agus n’fheacaidh aenne riamh asal ba mhó go raibh ualach air ná é. Ní raibh le feiscint de ach a dhá chluais agus a eirball le rón ’n-a phíosaí troma agus an giolla féin cromtha go talamh fé n-a ualach féin de.

Do bhí a lán allagair ar siubhal annsan agus insa chainnt dóibh:

“Beidh an buachaill seo gan cos, is baoghalach,” arsa mo mháthair, “do dheascaibh an róin chéadna.”

“Ní bheidh, im’ baiste!” arsa Diarmaid, “ó’n uair gur rith leis an rón do mharbhú; mara mbeadh san do bheadh droch-sheans aige.”

Annsan d’innis mo mháthair do mar gheall ar scéal Eibhlín.

“Do bhí a leithéid i gceist mhuise, ar mh’anam,” ar seisean. “Smut do rón eile a cuireadh mar ar baineadh an bhéalóg aisti; agus m’anam-sa ó’n ndiabhal! fé’n dtacaid seo ’máireach go mbeidh ailp do mhalairt róin le cnámh do lurgan-sa, ’ógánaigh,” arsa Diarmaid na mBeac.

D’fhág “An Collach Dubh” calath an Bhlascaeid maidean lár-na-mháireach. Ochtar fear innti, cheithre mhaide rámha, dhá sheol, dhá chrann, dhá chleith. Gála cruaidh láidir anois dtuaidh. Bád breagh mór nua dob eadh í agus an fhuireann oilte go maith ar a ngnó.

Buaileadh uirthi an dá sheol agus scaoileadh roimis an ngála í. Do lean fear an cnoc amach í agus an phíp dearg ’n-a bhéal agus do bhí an bád i nInis Mhicileáin sara raibh an phíp múchta, ’n-a bhéal.