Page:An t-oileanach.djvu/102

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
92
An t‑Oileánach

scian ’n‑a bhéal aige, agus do scaoileadh leis nó go raibh sé age béal an phuill. Do scaoileadh fear na cloiche síos ’n‑a dhiaidh.

Ba mhaith an bheirt domh-sa iad súd. Do bhíos buidheach díobh go dtí an lá a cailleadh iad. Gur i bhFlaitheas na Naomh dóibh.

Thugadar an rón leo agus an uair a bhí sé aca dubhairt na fearaibh ná raghadh aon bhád béal-oscailte abhaile anois insa scríb a bhí ann. Dubhairt Diarmaid dá gcuirfidís i bhfearas fé sna seolta do féin í go raghadh sí soir fé mar tháinig sí anoir! Amach ar an mór-mhuir leo agus thóg Diarmaid Ceann Sléibhe de’n chéad bhórd léi agus a chalath féin de’n dara bórd agus níor stad gur chuir ailp de’n rón fuinte isteach im’ chois féin agus i gcionn seachtaine bhíos comh maith agus bhíos riamh.