87
“Tiuḃraiḋ an sagart mo ṁaicín a ḃaile leis,” adeireaḋ sí.
Ní raiḃ tada ag déanaṁ imniḋe ḋi aċt faitċíos naċ mbeaḋ an ċulaiḋ nua réiḋ aici roiṁ ṫeaċt Ċóilín. Aċt ḃí sí críoċnuiġṫe sa deireaḋ, gaċ níḋ réiḋ aici, caoi ar an teaċ agus an ċulaiḋ nua leagṫa ar ċaṫaoir os coṁair na teine, agus gan an sagart ar faġáil.
“Naċ ar Ċóilín ḃéas an t-áṫas nuair ḟeicfeas sé an slaċt atá ar an teaċ agam,” adeireaḋ sí. “Naċ é ḃreaṫnóċas go galánta ag dul an bóṫar ag Aifreann Dia Doṁnaiġ agus an ċulaiḋ sin air!”
Is cuiṁneaċ liom go maiṫ an tráṫnóna ṫáinig an sagart. Ḃí Múirne ag fanaċt leis ó ṁaidin, an teaċ glan aici, agus an bord leagṫa.
“’Sé do ḃeaṫa a ḃaile,” aduḃairt sí, ag teaċt isteaċ do’n tsagart. Ḃí sí ag faire ar an doras mar ḃeaḋ sí ag braiṫ ar ḋuine eicínt eile a ṫeaċt isteaċ. Aċt ḋruid an sagart an doras ina ḋiaiḋ.
“Ċeap mé gur leat féin a ṫiocfaḋ sé, a Aṫair,” arsa Múirne. “Aċt, ’sé an ċaoi nár ṁaiṫ leis teaċt ar ċárr an tsagairt, ar ndóiġ. Ḃí sé cúṫail mar sin i gcoṁnaiḋe, an créatúir.”
“A Ṁuirne ḃoċt,” adeir an sagart, ag breiṫ ar ḋá láiṁ uirṫi,“ ní caḃair ḋom an ḟírinne a