Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

86

Áṫa Cliaṫ ag iarraiḋ orṫa Cóilín a leigean amaċ ċuici, gur cinnte go leigfiḋe amaċ é.

“Ní eiteoċaiḋ siad ṫusa, a Aṫair,” ar sise.

Duḃairt an sagart naċ mbeaḋ maiṫeas ar biṫ i sgríoḃaḋ, naċ dtiuḃrfaiḋe aon áird ar a litir; aċt go raċaḋ sé féin go Baile Áṫa Cliaṫ agus go laḃróċaḋ sé leis na daoiniḃ móra agus go mb’ḟéidir go dtiocfaḋ maiṫeas eicínt as. Ċuaiḋ. Ḃí Múirne lán-ċinnte go mbeaḋ a mac a ḃaile ċuici faoi ċeann seaċtṁaine nó ḋó. Ḋeasuiġ sí an teaċ roiṁe. Ċuir sí aol air í féin, istiġ is amuiġ. Ċuir sí beirt ċoṁursan ag cur dín nua air. Ṡníoṁ sí áḋḃar culaiḋ nua éadaiġ ḋó, ḋaṫuiġ sí an olann le n-a láṁaiḃ féin, ṫug sí go dtí an fiġeadóir í, agus rinne sí an ċulaiḋ nuair ṫáinig an bréidín a ḃaile.

B’ḟada linn gan an sagart ar faġáil. Sgríoḃ sé cúpla boḃta ċuig an máiġistir, aċt ní raiḃ aon ḃarr nuaiḋeaċta ins na litreaċaiḃ. Ḃí sé ag déanaṁ a ḋíċill, aduḃairt sé, aċt ní raiḃ ag éirġe leis go maiṫ. Ḃí sé ag dul ó ḋuine go duine aċt ní mórán sásaiṁ a ḃí aon duine a ṫaḃairt dó. Ba léir as litreaċaiḃ an tsagairt naċ raiḃ aon dóċas aige go ḃféadfaḋ sé aon ċeo a ḋéanaṁ. Níor ḟan aon dóċas ionnainne aċt an oiread. Aċt níor ċaill Múirne an ṁuinġin iongantaċ a ḃí aici as Dia.