Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/93

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

85

mbeaḋ neart aige air. Ṁionnuiġ an sagart pobail go raiḃ aiṫne aige ar Ċóilín ó’n lá ḃaist sé é, gurḃ’ é a ḃaraṁail naċ ndearna sé peacáḋ riaṁ, agus naċ gcreidfeaḋ sé ó ḋuine ar biṫ go marḃóċaḋ sé fear. Ní raiḃ maiṫ ḋúinn ann. Ní raiḃ aon ḃríġ in ar ḃfaiḋnaise i n-aġaiḋ fiaḋnaise na bpílear. Tugaḋ breiṫ an ḃáis ar Ċóilín.

Ḃí a ṁáṫair sa láṫair ar feaḋ na haimsire ar fad. Níor laḃair sé focal ó ṫús deireaḋ, aċt a ḋá súil greamuiġṫe i ndá ṡúil a mic agus a ḋá láiṁ fáisgṫe le ċéile faoi n-a seál.

“Ní croċfar é,” arsa Múirne an oiḋċe sin. “Ġeall Mac Dé ḋom naċ gcroċfar é.”

Cúpla lá ina ḋiaiḋ sin ċualamar naċ gcroċfaiḋe Cóilín, gurab aṁlaiḋ do maiṫeaḋ a anam ḋó i ngeall ar a ḃeiṫ ċoṁ óg is do ḃí, aċt go gcoingḃeoċaiḋe sa bpríosún é ar feaḋ a ṡaoġail.

“Ní coingḃeoċar,” arsa Múirne. “A Íosa,” adeireaḋ sí, “ná leig dóiḃ mo ṁaicín a ċoingḃeáil uaim.”

Is miorḃailteaċ an ḟoiġid a ḃí ag an mnaoi sin agus an ṁuinġin a ḃí aici as Mac Dé. Is miorḃailteaċ an creideaṁ agus an dóċas agus an ḟoiġid ḃíos ag na mnáiḃ.

Ċuaiḋ sí go dtí an sagart pobail. Duḃairt sí leis, dá sgríoḃfaḋ sé go dtí muinntir Ḃaile