Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

84

bóṫar Ros na gCaoraċ ṫugadar orṫa féin aċt bóṫar na Gailliṁe. Ar a hoċt a ċlog d’ḟágadar an baile mór. Ag leaṫ-uair tar éis a hoċt caiṫeaḋ urċur leis an tiġearna ar ḃóṫar na Gailliṁe. Ṁionnuiġ pílear eile gur ċuala sé torann an urċuir. Ṁionnuiġ sé gur riṫ sé go dtí an áit agus ag druidim leis an áit dó go ḃfaca sé beirt ḟear ag baint as ’sna fásgaíḃ. Duine caol a b’eaḋ duine aca agus é gléasta mar ḃeaḋ duine uasal. Buaċaill tuaiṫe a ḃí sa ḃfear eile.

“Cia an sórt éadaċ a ḃí an buaċaill tuaiṫe a ċaiṫeaṁ?” ars’ an dliġeadóir.

“Culaiḋ báiníní,” adeir an pílear.

“Arb’ ṡin é an fear a ċonnaic tú?” ars’ an dliġeadóir, ag síneaḋ a ṁéir ċuig Cóilín.

“Déarfainn gurab é.”

“An mionnuiġeann tú gurab é?”

Níor laḃair an pílear ar feaḋ sgaṫaiṁ.

“An mionnuiġeann tú gurab é?” ars’ an dliġeadóir arís.

“Mionnuiġim,” ars’ an pílear. Ba ḃáine éadan an ṗíleir an nóimeat sin ’ná éadan Ċóilín féin.

Ṁionnuiġ cuid againne annsin nár ċaiṫ Cóilín urċur as gunna riaṁ; go mbaḋ buaċaill macánta mánla é naċ ngortócaḋ cuileog dá