Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

88

ċeilt ort. Níl sé ag teaċt ’ċor ar biṫ. Níor éiriġ liom tada a ḋéanaṁ. Ní éistfeaḋ siad liom.”

Ní duḃairt Múirne focal. Ċuaiḋ sí anonn agus ṡuiḋ síos ar aġaiḋ na teine. Lean an sagart anonn í agus leag a láṁ ar a gualainn.

“A Ṁúirne,” adeir sé, mar sin.

“Leig dom féin, a Aṫair, go fóillín,” ar sise. “Go gcúitiġiḋ Dia agus a Ṁáṫair leat a ndearna tú ḋom. Aċt leig dom féin go fóill. Ċeap mé go dtiuḃrṫá a ḃaile ċugam é, agus is mór an buille orm gan a ṫeaċt.”

D’ḟág an sagart léiṫi féin í. Ċeap sé nár ċaḃair a ḃeiṫ léiṫi go mbeaḋ pian an ḃuille sin maoluiġṫe.

An lá ar n-a ḃáraċ ḃí Múirne ar iarraiḋ. Tásg ná tuairisg ní raiḃ ag éinne uirṫi. Focal ná fáirnéis níor ċualamar fúiṫi go ceann ráiṫe. Ċeap cuid againn go mb’ḟédir gurab as a céill a ċuaiḋ an créatúir agus bás uaigneaċ a ṫeaċt uirṫi i log sléiḃe eicínt nó a báṫaḋ i bpoll móna. Ċuartuiġ na coṁursain na cnuic mágcuairt, aċt ní raiḃ a rian le feiceál.

Tráṫnóna áiṫrid ḃí mé féin ag baint ḟataí san ngarrḋa nuair a ċonnaic mé an ḃean aonraic ag déanaṁ orm isteaċ an bóṫar. Bean árd ċaol. An cloigeann croċta go maiṫ aici. Siuḃal mór