73
“Muise, mo ġráḋ ṫú!” ar sise “An t-ainm ceanann céadna is a ḃí—a-a-a-atá—ar mo ṁac féin. Cia leis ṫú?”
D’innseas ḋi.
“Agus an ndeir tú liom gur mac le Seaġán Ḟéiċín ṫú?” ar sise. “Ḃí t’aṫair sa teaċ ósta i nUaċtar Árd an oiḋċe údan. . . . Do stop sí go hobann leis sin, agus ṫáinig aṫruġaḋ éigin uirṫi. Do ċuir sí a láṁ ar a cloigeann. Do ċeapfá gur buille do buaileaḋ uirṫi. Do ṡuiḋ sí os coṁair na teine annsin agus d’ḟan sí ar feaḋ sgaṫaiṁ ag féaċaint roimpi isteaċ i gcroiḋe na teine. Ba ġearr gur ṫosnuiġ sí ’gá bogaḋ féin anonn ’s anall os cionn na teine agus ag crónán nó ag caoineaḋ ós íseal. Níor ṫuigeas na focla i gceart, nó dob’ ḟearr liom a ráḋ naċ ar na foclaiḃ do ḃíos ag cuiṁniuġaḋ aċt ar an gceol. Connacṫas dom go raiḃ uaigneas na gcnoc i n-aṁ marḃṫa na hoiḋċe, nó uaigneas na huaiġe nuair naċ gcorruiġeann innti aċt na cnuṁa, san gceol sin. So iad na focla de réir mar do ċualas óm’ aṫair ina ḋiaiḋ sin iad:
“Brón ar an mbás, ’sé ḋuḃ mo ċroiḋe-se,
D’ḟuaduiġ mo ġráḋ is d’ḟág mé claoiḋte,
Gan caraid gan compánaċ fá ḋíon mo ṫiġe-se
Aċt an léan so im’ lár, is mé ag caoineaḋ.
“Ag gaḃail an tsléiḃe ḋom tráṫnóna
Do laḃair an éanlaiṫ liom go brónaċ,
Do laḃair an naosg binn ’s an crotaċ glóraċ
Ag faisnéis dom gur éag mo stóraċ.