Jump to content

Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/80

From Wikisource
This page has been proofread.

72

Do ḃí sí ann i gcoṁnaiḋe agus mé ag dul a ḃaile cúpla uair ina ḋiaiḋ sin agus an t-ualaċ cíbe ar an gcárr agam.

“Níor ṫáinig sé fós?” arsa mise léiṫi.

“Níor ṫáinig, a ṁúirnín. Ní ḟaca tusa é?”

“Ní ḟacas.”

“Ceal naċ ḃfacais? Ní’ mé beo céard d’éiriġ ḋó.”

Ḃí goṫaḋ báistiġe ar an lá.

“Gaḃ isteaċ go mbíḋ an múr ṫart,” ar sise. “Is annaṁ a ḃíos cuideaċta agam.”

D’ḟágas an t-asal agus an cáirín ar an mbóṫar agus do ċuaḋas isteaċ sa teaċ.

“Suiḋ agus ól cupán bainne,” ar sise.

Do ṡuiḋeas ar an mbinnsín sa gclúid, agus ṫug sí deoċ ḃainne agus ruainne aráin dom. Do ḃíos ag breaṫnuġaḋ ṫart timċeall an tiġe an ḟaid is do ḃíos ag iṫe agus ag ól. Do ḃí caṫaoir i n-aice leis an teine agus léine ġeal agus culaiḋ éadaiġ leagṫa uirṫi.

“Tá siad so réiḋ agam len’ aġaiḋ nuair a ṫiocfas sé,” ar sise. “Niġ mé na báiníní indé ṫar éis imṫeaċta ḋó,—ní heaḋ, aṫruġaḋ indé—níl a ḟios agam i gceart cia an lá ar niġ mé iad; aċt ar ċuma ar biṫ béiḋ siad glan tirim roiṁe nuair a ṫiocfas sé . . . Cia hainm ṫú féin?” ar sise go hobann tar éis sgaṫaiṁ di ina tost.

D’innseas ḋi.