71
mise, “ní ḃéiḋ sé annso go ceann cúpla uair fós.”
“Ar an traen?” ar sise. “Cia an traen?”
“An traen a ḃíos ag an Teaċ Dóiġte ag a dó-ḋéag.”
“Níor ḋuḃairt sé focal i ngeall ar traen,” ar sise. “Ní raiḃ aon traen ag tiġeaċt ċoṁ fada leis an Teaċ Dóiġte indé.”
“Naċ ḃfuil traen ag tiġeaċt go dtí an Teaċ Dóiġte le na bliaḋantaiḃ?” arsa mise, agus iongnaḋ mór orm. Ní ṫug sí aon ḟreagra orm, áṁ. Do ḃí sí ag breaṫnuġaḋ soir an bóṫar arís. Ṫáinig sórt sgannruiġṫe orm roimpi agus do ḃíos ar tí bailiġṫe liom.
“Má ḟeiceann tú ar an mbóṫar é,” ar sise, “abair leis deifir a ḋéanaṁ.”
“Níl aon aiṫne agam air,” arsa mise.
“D’aiṫneoċṫá go réiḋ é. ’Sé an buaċaill is sgafánta ar an bpobal é. Sguraċ óg lúṫṁar, agus é leigṫe déanta. Tá cloigeann bán air mar atá ort-sa, agus súile glasa aige . . . . mar a ḃí ag a aṫair. Báiníní atá sé a ċaiṫeaṁ.”
“Má ḟeicim é,” arsa mise, “innseoċaiḋ mé ḋó go ḃfuil tú ag fanaċt leis.”
“Déan, a ṁaicín,” ar sise.
Leis sin do ḃogas liom soir agus d’ḟágas ina seasaṁ sa doras í.
******