74
Do ġlaoiḋ mé arís is freagra ní ḃfuaras,
Do ṗóg mé do ḃéal, is a Ḋia nárḃ’ ḟuar é!—
Oċ, is fuar í do leaba sa gcillín uaigneaċ.
A uaiġ ċaol ḃeag, ó’s tú a leaba,
Mo ḃeannaċt ort, ’s na mílte beannaċt
Ar na fódaiḃ glasa atá os cionn mo ṗeata.
Leagann sé úr is críon le ċéile—
’S a ṁaicín ṁánla, is é mo ċéasaḋ
Do ċolainn ċaoṁ ḃeiṫ ag déanaṁ créafóig!
Nuair do ḃí sé sin críoċnuiġṫe aici do lean sí ’gá bogaḋ féin anonn ’s anall agus ag caoineaḋ go híseal. B’uaigneaċ an áit é ḃeiṫ sa teaċ iargcúlta úd agus gan de ċoṁluadar agat aċt an tsean-ḃean aonraic úd ag caoineaḋ go cuṁaċ di féin cois na teine. Ṫáinig faitċíos agus uaigneas orm agus d’éiriġeas im’ ṡeasaṁ.
“Tá sé i n-am agam ḃeiṫ ag dul a ḃaile,” arsa mise. “Tá an tráṫnóna ag glanaḋ.”
“Gaḃ i leiṫ,” ar sise liom.
Do ċuaḋas anonn ċuici. Do leag sí a ḋá láiṁ go mín ar mo ċloigeann agus do ṗóg sí clár m’éadain.
“Ar ċoiṁriġe Dé ḋuit, a ṁaicín,” ar sise. “Go leigiḋ sé anaċain na bliaḋna ṫart agus go méaduiġiḋ sé sóġ agus sonas na bliaḋna agat-sa agus ag do ċoṁluadar.”
Leis sin do leig sí uaiṫi mé. D’ḟágas an teaċ agus do ġreadas liom a ḃaile.
*****