Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

68

“’Sér’d ḋéanfas tú, a Ċóilín,” arsa m’aṫair nuair do ḃí Seaġán bailiġṫe leis, “an t-asal agus an cáirín a ṫaḃairt leat go Sgríob agus ualaċ cíbe a ṫarraingt a ḃaile. Tá sí ḋá baint ag Micilín Ṁáire ḋom. Béimid ag tosaiġ ar an gceann nua a ċur ar an teaċ aṫruġaḋ i mbáraċ, le congnaṁ Dé, má ṡeasann an aimsir.”

“Ṫug Micilín an t-asal agus an cárr leis ar maidin,” arsa mise.

“Béiḋ ort é ṫaḃairt fá na bonnaċaiḃ, mar sin, a ṁic ó,” arsa m’aṫair. “Ċoṁ luaṫ is ḃéas ualaċ asail bainte ag Micilín croċ ṫusa a ḃaile leat ar an gcárr é agus réabaḋ Micilín leis go mbíḋ sé duḃ. Tarraingeoċamuid an ċuid eile i mbáraċ.”

Níorḃ’ ḟada go raḃas ag baint ċoiscéime de’n ḃóṫar. Ṫugas mo ċúl ar Ċill Ḃriocáin agus m’aġaiḋ ar an Turlaċ. D’ḟágas an Turlaċ i mo ḋiaiḋ agus do rinneas ar an nGort Mór. Do ṡeasas sgaṫaṁ ag féaċaint ar ḃád ráṁa do ḃí ar ṫuinn Loċ Eileaḃraċ, agus sgaṫaṁ eile ag spallaiḋeaċt le cuid de ḃuaċaillíḃ an Inḃir do ḃí mall ag triall ar sgoil an Ġuirt Ṁóir. D’ḟágas mo ḃeannaċt aca sin ag geata na sgoile, agus rángas Gleann Ċaṫa. Do ṡeasas an tríoṁaḋ huair ag breaṫnuġaḋ ar iolraċ mór do ḃí ’ġá ġrianaḋ féin ar Ċarraig an Ċapaill.