69
Soir liom annsin go raḃas i nDoire an Ḃainḃ, agus ní raiḃ an uair go leiṫ caiṫte nuair do ġlanas Droiċead na Glaise Duiḃe.
Do ḃí teaċ an t-am sin cúpla céad slat soir ó Ḋroiċead na Glaise Duiḃe, le hais an ḃóṫair ar ṫaoiḃ do láiṁe deise ag tarraing ar an Sgríb ḋuit. Ba ṁinic roiṁe sin do ċonnacas sean-ḃean ina seasaṁ i ndoras an tiġe sin, aċt ní raiḃ aon aiṫne agam uirṫi, ná níor ċuir sí cainnt ná caidéis riaṁ orm. Bean árd ċaol do ḃí innti, a cloigeann ċoṁ geal leis an sneaċta, agus ḋá ṡúil duḃa, mar do ḃeaḋ ḋá aiḃleoig, ar lasaḋ ina ceann. Ba bean í do ċuirfeaḋ sgannraḋ orm dá gcasfaiḋe ḋom i n-áit uaigniġ de ṡiuḃal oiḋċe í. Sgaiṫte do ḃíoḋ sí ag cniotáil nó ag cárdáil agus í ag crónán ós íseal di féin; aċt ’sé an rud is mó do ḃíoḋ sí do ḋéanaṁ nuair do ġaḃainn-se an bealaċ, ina seasaṁ sa doras agus ag breaṫnuġaḋ uaiṫi soir is anoir an bóṫar go díreaċ is dá mbeaḋ sí ag fanṁaint le duine éigin do ḃeaḋ amuiġ uaiṫi agus í ag súil leis a ḃaile.
Do ḃí sí ina seasaṁ ann an ṁaidin sin mar ba ġnáṫaċ léiṫi, a láṁ ar a súiliḃ aici, agus í ag breaṫnuġaḋ uaiṫi soir an bóṫar. Nuair do ċonnaic sí mise ag dul ṫairsti, do sméid sí a ceann orm. Do ċuaḋas anonn ċuici.