Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/75

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

AN ḂEAN ĊAOINTE.

I.

“A ĊÓILÍN,” arsa m’aṫair liom maidin aṁáin tar éis an ḃricfeasta, agus mé ag cur mo ċuid leaḃar le ċéile le ḃeiṫ ag bogaḋ liom ar sgoil, “a Ċóilín,” ar seisean, “tá gnaiṫe agam díot indiu. Innseoċaiḋ Seaġán do’n ṁáiġistir gur mise a ċoingḃiġ sa mbaile ṫú, nó ’sé an ċaoi béiḋ sé ag ceapaḋ gur’b i ḃfalaċ atá tú, mar ḃís an tseaċtṁain so ġaḃ ṫarainn. Ná déan dearmad anois air, a Ṡeaġáin.”

“Ní ḋéanfad, a aṫair,” arsa Seaġán agus pus air. Ní raiḃ sé ró-ḃuiḋeaċ fá ráḋ is naċ ḋe féin a ḃí gnó ag m’aṫair. Do ḃí an mac so go ríġ-ṡásta, mar ní raiḃ mo ċeaċta aċt go dona agam agus do ġeall an máiġistir griosáil dom an lá roiṁe sin muna mbeidís ar ḃarr mo ġuib agam an ċéad lá eile.