Page:An cóṁgar - Ó Cuív.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
11
AN COṀGAR

CEAĊT A H-AON-DÉAG. XI. AN T-AONṀAḊ CEAĊT DÉAG.

modoaaárḃúra

aṫairmáṫaircailíníbuaċaillíbróga

sdócaíceann

Mo ṁála mór. Tá mo ṁála mór agam. Do ċárta beag.

An ḃfuil do ċárta beag ar an mbórd, a Ṁíċíl? Tá. Tá Seán ag an ndorus. Tá a ṗeann ar an gcaṫaoir.

Tá Síle ag an ḃfuinneóig. Tá a mála ar an úrlár. Tá a haṫair annso. Ní’l a máṫair annso.

Tá mo ḃróga orm. Tá do ḃróga ort. Tá ár mbróga orainn. Ḃfuil ḃúr mbróga oraiḃ? Tá.

An ḃfuil Séamus agus Seán ag an ndorus? Táid; aċ ní’l a gcasóga orṫa.

Tá bean ḃeag ag an ndorus, agus tá bróga bána uirṫe. Tá fáinne buiḋe ar a lúidín. An ḃfuil fáinne ar a hórdóig? Ní’l, aċ tá fáinne ar ṁéir eile.

Cad tá ar a ceann? Ní’l aon rud ar a ceann, aċ tá hata ar mo ċeann-sa.

An ḃfuil na cailíní ag an dteine? Táid. An ḃfuil a mbróga orṫa? Tá.

An ḃfuil a mbróga ar na buaċaillí? Tá, agus tá sdocaí orṫa.