Page:An cóṁgar - Ó Cuív.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
10
AN COṀGAR

CEAĊT A DEIĊ X. AN DEIĊṀAḊ CEAĊT.

ag

fiosannso

tá a ḟios agam; tá a ḟios agat; tá a ḟios aige;

tá a ḟios aice; tá a ḟios againn; tá a ḟios

agaiḃ; tá a ḟios aca.

Tá leaḃar mór ag Sioḃán Ní Ṫuama, aċ ní’l aon ṗeann aice.

An ḃfuil peann agat-sa, a Ṡeáin? Tá, a ḃean uasal, agus tá leaḃar agam. Tá leaḃar eile ag Míċeál Ó Foġluḋa, aċ ní’l aon leaḃar ag Cormac Ó Conaill.

An ḃfuil an ċailc agat, A Ḃriġde? Ní’l, a ḃean uasal.

An ḃfuil a ḟios agat cá ḃfuil an ċailc? Ní’l.

An ḃfuil ’ḟios agat-sa, a Ṗádraig? Tá, a ḃean uasal, tá sí ar an mbórd.

An ḃfuil an mála agat, a Ḃriain? Tá, a ḃean uasal.

Tá an mála buiḋe ar an mbínnse. Cá ḃfuil an mála dearg? Ní’l 'ḟios agam.

An ḃfuil ’ḟios agat-sa, a Ċáit? Tá, a ḃean uasal, tá sé fé’n mbórd.

Cá ḃfuil Liam, a Ṗádraig? Ní’l ’ḟios agam. Ná fuil sé annso? Ní’l.