Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/87

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
79
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a h-aondeug.

"An oíḋċe fé ḋeire, a Caṫail,” arsa Mac Cong- linne, “ḃíos-sa am’ luíġe i leabaiḋ ċluṫṁar fé éadaiġiḃ geala glana, ar ṫoċt ċlúṁ-éan a ḃí go bog agus go mín agus go compórdaċ, árd fé m’ċeann agus íseal fé m’ċosaiḃ, agus gan oiread barra do lúidín d’aon rud i ḃfuirm cnapóige le fáġail ann, ó ċnaisde go cnaisde ná ó ċeann go cois. Ḃíos tuirseaċ tnáiṫte nuair a ṡíneas ar an leabaiḋ áluinn sin, agus ní fada ḃíos sínte uirṫi nuair a ḃíos am’ ċodlaḋ go sáṁ. Tráṫ éigin sa n-oíḋċe do dúisiġeaḋ as mo ċodlaḋ mé. D’airiġeas an guṫ, fé mar a laḃarfaḋ duine liom. Níor ċuireas aon tsuim sa ġuṫ. Ḃíos ró ṡeasgair, agus ró ċompórdaṁail. Ḃí an tsáiṁiriġeaċt ró ṫrom orm, agus an iomad dúil sa ċodlaḋ agam. Do laḃair an guṫ airís liom.

""Seaċain! Seaċain! a ṁic léiġinn,” arsa ’n guṫ. "Ċugat an t-anaiṫre! Báṫfar sa n-anaiṫre ṫú mura dtugair aire ḋuit féin!"

"D’ḟeuċas sa treó ’nar laḃair an guṫ. Ċonac an duine ’na ṡeasaṁ ar m’aġaiḋ amaċ. Ḃí an lá ag breacaḋ, dar liom.

""Móra ḋuit,” ar seisean liom.

""Móra ḋuit-se,” arsa mise leis.

""Is ait an duine ṫú,” ar seisean. “Ṫugas folá- raṁ duit go mbáṫfaí sa n-anaiṫre ṫú mura dtugtá aire ḋuit féin, agus ní’l blúire suime agat d’á ċur sa ḃfoláraṁ. B’ḟéidir, dá mbeiḋfeá le báṫaḋ i n-aon ċor nár ḃ’ḟearr leat cuma ’na mbáṫfaí ṫú ’na tú ḃáṫaḋ sa