Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
78
An Craos-Deaṁan.

“’Seaḋ, a ríġ,” arsa Mac Conglinne, “an ḟaid a ḃéiḋ mé ag iṫe na feóla so tá sé ċóṁ maiṫ againn gan ḃeiṫ díoṁaoin. Do taisbeánaḋ aisling iongantaċ dóṁ-sa aréir. Airiġim gur fear ana ṫuisgionaċ tusa ċun bríġe aislinge do ḃreiṫniuġaḋ agus do noċtaḋ. ’Neósfad an aisling duit-se anois, agus déanfair-se bríġ na h-aislinge do noċtaḋ ḋom."

"Dar mo ḋeḃroṫ,” arsa Caṫal, “aċ pé tuisgint atá agam i n-aislingiḃ, ná pé duine go ndéanfad bríġ aislinge do noċtaḋ ḋó, ní ḋéanfad duit-se é, a ċlaḋ- aire ḋroċ ṁúinte!"

"Agus geallaim-se agus deiṁniġim duit-se, a ríġ," arsa Mac Conglinne, “pé ’cu ḋéanfair an aisling do ḃreiṫniuġaḋ nó ná déanfair, go gcaiṫfir éisteaċt léi, mar ’neósfad duit anso ad’ láṫair í an ḟaid a ḃéad ag iṫe na feóla so agus ag cur gaċ greama ḋi ċun do ḃéil-se mar spriocaḋ ar do ṫuisgint."

Ansan do ċrom Mac Conglinne ar an aisling a ḋ’innsint, agus i n-aġaiḋ gaċ trí nó ceaṫair d’ḟocalaiḃ d’á ndeireaḋ sé ċuireaḋ sé greim feóla ċun béil an ríġ agus ansan isteaċ ’na ḃéal féin.

Nuair airiġ an ṁuintir a ḃí ar an dtaoḃ amuiċ de’n dorus Mac Conglinne ’ġá ráḋ go raiḃ sé ċun na h-ais linge ḋ’innsint do Ċaṫal ṫosnuiġeadar ar ṡleaṁnu- ġaḋ isteaċ ’na nduine ’s ’na nduine. Ṫáinig an sagart isteaċ, agus giolla an tsagairt. Seómra breaġ mór ab eaḋ an seómra. Ḃí tínteán breaġ fairsing i gceann dé, agus teine ṁaiṫ sa tínteán, agus coire mór feóla ar an dteine.

Ṫosnuiġ Mac Conglinne ar an aisling a ḋ’innsint.