Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/88

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
80
An Craos-Deaṁan.

n-anaiṫre. Aċ ṫugas-sa an foláraṁ duit mar is ċuige a ṫanag ċugat. Anois má báiṫtear ṫú sa n-anaiṫre bíoḋ ort féin."

""Ní dóiċ liom,” arsa mise leis, “gur baoġal dom mé ḃáṫaḋ i n-anaiṫre. Bíon a leiṫéid sin de ṫart orm nuair a ċím anaiṫre, isé mo ṫuairim, um an dtaca ’na mbéaḋ mo ḋóiṫin ólta agam dé, ná béaḋ oiread am’ ḋiaiġ dé agus a ḃáṫfaḋ luċ."

""Ní h-aon ṁaiṫ ḃeiṫ leat, a ṁic léiġinn,” ar seisean liom. “Tá an iomad dúil sa n-anaiṫre agat."

""Is cruaiḋ an cás é!” arsa mise leis.

""Conus san?” ar seisean.

""’Neósfad-sa san duit,” arsa mise. “Ní ḟeadar cá dtáinís, ná cá ḃfuil do ṫriall, ná cá raġad féin ar do lorg má ḃíon rud agam le fiafraiġe ḋíot."

""Taḃarfad-sa ḋuit an t-eólus san go cruinn,” ar seisean. “Ní’l agat aċ an t-eólus a ċoimeád go cruinn ad’ ċeann nuair a ṫaḃarfad duit é, agus ní ḃéiḋ bac ort teaċt ċun cainte liom pé uair is maiṫ leat é. Iṫeaċán, mac Lán na Beilte, is ainim dóṁ-sa, agus i Síḋ Mórḃíḋ a ḃím am’ ċóṁnuiġe, agus is ó’n áit sin a ṫánag ċugat-sa anois ċun a ráḋ leat tú féin a ṡeaċaint ar an anaiṫre nó go mbáṫfaí ann tú. Aċ measaim gur siúḃal agus aistear atá déanta agam. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ agam foláraṁ a ṫaḃairt do’n luiċín féin a ṡeaċaint ar ṗic an uaċtair sar a mbáṫfaí sa n-uaċtar í."

""Má’s Iṫeaċán is ainim duit,” arsa mise, “agus má’s Lán na Beilte b’ainim do t’aṫair, agus má’s ó Síḋ Mórḃíḋ a ṫáinis anois, measaim naċ foláir nó go ḃfuil tuairisgí móra agat, agus cúntas agus fios sgéil, ó Ṫalaṁ an Ḃíḋ. An ḃfuil san agat?"

""Tá san agam gan aṁras,” ar seisean, “aċ is ró ḃeag an tairḃe ḋuit-se sin."