Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
42
An Craos-Deaṁan.

aige. Do ḋaoraḃair-se é ċun a ċroċta nuair a cuireaḋ i n-iúil daoiḃ cad a ḃí déanta as an slíġ aige. Aċ táṫar ’ġá ġlacaḋ ró réiḋ, agus d’á réiḋe a glactar é iseaḋ is mó a ḋéinean sé an uile ṡaġas toirmisg. Is fearr, mar ṡuaiṁneas ar an gcaṫair, an ḃreiṫ a tugaḋ air do ċur i ngníoṁ láiṫreaċ le h-eagla go ndéanfaḋ sé tuille ṫoirmisg, agus go mb’ḟéidir go mbéaḋ an toirmeasg nua níos measa ’ná an toirmeasg atá déanta ċeana aige."

Do stad sé. Níor laḃair aoinne. Do ṗreab Mac Conglinne féin ’na ṡuiġe.

"A Ṁainċín, agus a ṁuintir Ċorcaiġe,” ar seisean, "tugtar cáirde ḋom gan mé ċroċaḋ go n-innsead daoiḃ aisling iongantaċ a taisbeánaḋ dom aréir agus mé am’ ċodlaḋ i leabaiḋ Ṁainċín."

"Ní taḃarfar aon ċáirde ḋuit, a rascail,” arsa Mainċín. “Tá cáirde do ḋóiṫin fáġalta ċeana agat," ar seisean, “agus ní maiṫ ná tairḃe atá bainte agat as an gcáirde aċ díoḃáil agus toirmeasg agus cur ṫré ċéile."

"Cáirde ḋó! go n-innsiḋ sé an aisling,” arsa cáċ uile. “Nuair a ḃéiḋ an aisling innste aige tugaḋ Mainċín a roġa cor dó."

Nuair airiġ Mac Conglinne an méid sin d’ḟeuċ sé ar Ṁainċín, agus ċuir sé smuta gáire as, agus dúḃairt sé mar seo:-

"Beannaċt dúinn, a ċléiriġ Is uasal ó d’ṡinnsear. Mac Meala, mic Créiṫir, Mic Cruiceóige maoile. Mic Boiġreáin, mic Praisce, Mic Breac-ḃainne Buacaiġ,