Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
43
An Craos-Deaṁan.

Mic Bláṫaiġe ó’n gcuigin, Mic Ime, mic Uaċtair. Mic Mairtḟeóla boirbe, Biaḋ cuṫaiġ do ḋaoine, Mic Caoírḟeóla ag frioċaiġ, Mic Bruṫóige ġríosaiġ. Mic Bulóige finne, Mic Cruiṫneaċtan ríġne, Mic Cannta aráin coirce ’S a ċoṫrom de’n ím air. Mic Bagúin, mic Salainn, Mic Buile le h-Íota, Mic Biotáile ar lasaḋ, Mic Bairille fíona. Mic Meisge, mic Meaḋráin, Mic Bagarṫa Bruíḋne, Mic Cleiṫ-Ailpín -"

Do léim Mainċín ’na ṡeasaṁ.

"A ṁuintir Ċorcaiġe,” ar seisean, “an fada a ṁeasan siḃ leigint do’n ċuirpṫeaċ san tarcuisne ṫaḃairt dóṁ-sa ar an gcuma san! Sin geinealaċ bíḋ déanta aige ḋom, rud nár déineaḋ d’aon duine riaṁ fós. Geinealaċ bíḋ! Ċóṁ maiṫ agus ná raiḃ ins na daoine ṫáinig róṁam aċ saiġseana bíḋ agus díġe! Ar airiġ aoinne riaṁ a leiṫéid! Ḃí mo ṡinnsear ċóṁ maiṫ, ċóṁ h-uasal, ċóṁ creideaṁnaċ le sinnsear aoinne atá ag éisteaċt liom, is cuma liom cé h-é."

Níor laḃair aoinne. Níor ḟéad aoinne laḃairt, ḃíodar go léir i n-a leiṫéid de ċás le neart gáirí.

Do laḃair Mac Conglinne.

"A ṁuintir Ċorcaiġe,” ar seisean, “tá dearṁad ar an nduine, dearṁad mór. Is dóiċ leis gur air féin