Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
41
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a seaċt.

AR maidin lar na ṁáireaċ ḃí maiṫe Ċorcaiġe cruin- niġṫe go luaṫ i n-áit na cóṁairle agus iad ag cur ’s ag cúiteaṁ i dtaoḃ Ṁic Conglinne. Bí fait- ċíos agus mí-ṡásaṁ aigne orṫa mar ġeall ar an ḃfocal úd a dúḃairt sé um ṫráṫnóna an lae roimis sin, nuair a dúḃairt sé dá gcurtí ċun báis é gan leigint dó a sgéal d’innsint go mbéaḋ slóiġte líon- ṁara ag teaċt a-dtuaiḋ a d’iaraiḋ a ḟios cad ’na ṫaoḃ ḟáġail ó ṁuintir Ċorcaiġe. Ní raiḃ aon lorg ag muintir Ċorcaiġe ar an saġas san ceistiuġċáin. Ní raiḃ aon lorg acu ar ṡlóiġtiḃ de’n tsórd san do ṫeaċt aniar ná a-dtuaiḋ ná aniar-a-dtuaiḋ orṫa.

Is aṁlaiḋ mar a ḃí an sgéal acu, dá dtagaḋ tuairisg ċuca ó’n mainistir go raiḃ an cime tar éis éalóḋ i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe, agus nár ḃ’ḟios cá raiḃ sé imṫiġṫe, ní ḃéaḋ aoinne acu ag gol ’na ḋiaiġ, agus ní baoġal go gcuirfidís aon tóir ’na ḋiaiġ, nó dá gcuiridís ní baoġal ná go raġaḋ an toir sa treó baill ba lúġa ’nar ḋóiċ leó a tiocfaí suas leis. B’ḟearr leó go léir ’ná rud maiṫ go mbéidis sgarṫa leis.

Aċ níor ṫáinig aoinne ó’n mainistir ’ġá ráḋ gur éaluiġ sé. Níor éaluiġ. Ní ċuige sin a ṫáinig sé. Bá ġearr go ḃfeacadar é féin agus a luċt coimeádta ag bualaḋ ċuca a leiṫ ó’n mainistir. Ṫáinig Mainċín leis, agus do ṡuiġ an ċóṁairle. Do laḃair Mainċín.

"A ṁaiṫe agus a ṁór uaisle Ċorcaiġe,” ar seisean, "is miṫid daoiḃ cúram an ċuirpṫiġ seo ṫógaint dínn. Tá an ċaṫair agus an ṁainistir curṫa tré n-a ċéile