Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
26
An Craos-Deaṁan.

gcurfaí smaċt i n-am, agus i gceart, ar do leiṫéidí ba ṡuaiṁneas ar an ndúṫaiġ é. Níor cuireaḋ smaċt ort-sa go dtí so. Curfar smaċt anois ort. Tógaiḋ liḃ ṫar n-ais é go dtí an teaċ aoiġeaḋ agus bainiḋ dé a ċuid éadaiġ agus gaḃaiḋ d’ḟuipeanaiḃ géara cruaḋa air go dtí ná béiḋ órlaċ d’á ċroicean slán. Ansan beiriḋ síos ċun na h-aḃan é agus bíḋiḋ ’ġá ṫumaḋ sa n-aḃainn go dtí go mbéiḋ a ḃolg lán d’uisge na h-aḃan. B’ḟéidir, mura gcuirfeaḋ meaḋg na mainis- treaċ treiġid air, go gcuirfeaḋ lán a ḃoilg d’uisge na Laoi treiġid air!"

Do tógaḋ ċun siúḃail é sar a raiḃ uain aige ar ḟocal do laḃairt. Do rugaḋ ṫar n-ais ċun an tíġe aoiġeaḋ é, agus do sgiursálaḋ go maiṫ é. Ansan do rugaḋ síos ċun na h-aḃan é, agus ḃíḋṫeas ’ġá ṫumaḋ go dtí go raiḃ sé leaṫ ḃáiḋte. Ansan do rugaḋ ṫar n-ais é ċun an tíġe aoiġeaḋ agus do cuireaḋ isteaċ ann é, agus do dainginiġeaḋ an tiġ air.

"’Seaḋ!” arsa Mainċín, “déineaḋ sé blúire filiḋeaċta anois ’ġá innsint cad d’imṫiġ air. Gaḃ- aims’ orm ná déanfaiḋ."

"Cad ’déanfar leis siúd amáireaċ, a Aṫair?" arsa duine des na manaiġ leis an Abb.

"Ní foláir,” arsa Mainċín, “maiṫe Corcaiġe do ċruinniuġaḋ amáireaċ, agus a innsint dóiḃ cad í an ċoir atá déanta aige, conus mar a ṫáinig sé anso go Corcaiġ gan aon ġnó eile aċ ċun ṁasla ṫaḃairt do ṁaiṫiḃ na caṫaraċ, agus do ḋaoine na caṫaraċ, agus do’n Eaglais, agus dóṁ-sa, conus mar a ḋéin sé aoir ar an mainistir agus ar an Eaglais, agus ar Ċorcaiġ. Má ġlacaid maiṫe Ċorcaiġe mo ċóṁairle-se ní ragaiḋ an cuirpṫeaċ níos saoire as ’ná é ċroċaḋ!"

Do cuireaḋ fógraḋ amaċ ag glaoḋaċ ar ṁaiṫiḃ na