Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
27
An Craos-Deaṁan.

caṫaraċ ċun na cúise do ṫriail. Ṫánadar go moċ ar maidin. D’inis Mainċín dóiḃ cad a ḋéin an fear iasaċta. Ċuadar go léir do dtí an teaċ aoiġeaḋ. Do h-osglaḋ an teaċ. Ḃí Mac Conglinne istiġ, agus gan aon daḃt ba ṡuaraċ an driuċ a ḃí air tar éis na h-oíḋċe. Ḃailiġ na manaiġ agus uaisle Ċorcaiġe isteaċ.

"’Seaḋ, a rascail,” arsa Mainċín, “an dóiċ leat an ṁaiṫ a ḋéinis é masla ṫaḃairt do’n Eaglais?"

"Ní dóiċ liom gur ró ṁaiṫ a ḋéin luċt na h-Eagailse é, mise ḃeiṫ gan ḃiaḋ acu sa teaċ aoiġeaḋ. Ba ċóir ná creaċfaḋ sé iad a ḋóiṫin le n-iṫe ṫaḃairt d’aon ḟear aṁáin,” arsa Mac Conglinne.

"Ní rud le n-iṫe a ḃí uait, a ċuirpṫiġ,” arsa Mainċín. “Ḃí ’ḟios agat go maiṫ go raiḃ aimsir ṫrosgaiḋ ann, agus nár ḃ’ḟéidir aon ḃiaḋ eile ṫaḃairt duit aċ an biaḋ a tugaḋ duit. Ḃí ’ḟios agat go dian ṁaiṫ go mbéaḋ do ḋóiṫin ṁór bíḋ agus díġe le fáġail agat ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ gnó an tSaṫarainn agus gno an Doṁnaiġ déanta. Ní biaḋ ná deoċ a ḃí uait, aċ caoi ḟáġail ar an Eaglais d’aoireaḋ, agus ar easonóir a ṫaḃairt dóṁ-sa agus do ṁaiṫiḃ na caṫaraċ so Ċorcaiġe. Táid maiṫe Ċorcaiġe anso anois ag éisteaċt linn agus taḃarfad-sa caoi ḋóiḃ féin ar a ṫuisgint cad é an saġas tú agus cad a ṫug anso go Corcaiġ ṫú. Seasaiṁ-se anso amaċ,” ar seisean leis an dtimṫire, “agus abair i láṫair na ndaoine seo an aoir a ḋéin an cuirpṫeaċ so ḋóiḃ féin agus do’n Eaglais."

Ṫáinig an timṫire amaċ i lár an úrlair agus dúḃairt sé an dán. Nuair airiġ Mac Conglinne an dán níor ḟéad sé gan sult a ṫeaċt ’na ṡúiliḃ ag éisteaċt leis. Nuair airiġ maiṫe Ċorcaiġe an dán,