Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
25
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a cúig.

Ḃí Mac Conglinne ’sa leabaiḋ sínte, sa teaċ aoiġeaḋ, agus é ag cur an anama amaċ ag gáiriḋe. Nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an sgannraḋ ’ḃí ar an mbeirt ṁanaċ nuair a ṫánadar ċun dorais an tíġe, ní ḟéadaḋ sé gan sgearta gáire ċur as. Ansan, nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an spórt a ḃéaḋ ag óg agus críona ar an Abb nuair aireóċaidís an dán beag filiḋeaċta, ċuireaḋ sé sgearta gáire eile as. Ṡíl sé go gcurfaí mallaċt air nó go gcurfaí fé ċoin- neal-ḃáṫaḋ é, nó go ndéanfaí rud éigin uaṫḃásaċ de’n tsórd san leis. Siné ’ḃí uaiḋ, agus ḃí ’ḟios aige féin cad ’na ṫaoḃ. Ní raiḃ aon ċoinne aige go dtaḃarfaí aon droċ úsáid cuirp dó.

I lár an tsuilt agus an ġáiriḋe ḋó do líon na inanaiġ go léir isteaċ sa tiġ aoiġeaḋ ċuige, agus a ndóiṫin soluis acu. Do stad a ċuid suilt. Ċonaic sé ná raiḃ aon ḟuadar fóġanta fúṫa. Níor laḃradar focal leis. Níor ḋéineadar aċ déanaṁ air agus breiṫ air, agus a ḋá láiṁ a ċeangal lastiar dé, agus é. ċomáint leó an dorus amaċ. Ṫugadar i láṫair Ṁainċín é,

"Is maiṫ an buaċaill tú!” arsa Mainċín, nuair a ċonaic sé é. “Ní ḃeiḋfeá sásta le ḃeiṫ ag déanaṁ aoirṫe ar ḋaoine macánta nár ḋéin olc ná éagcóir riaṁ ort, gan teaċt anso gan aon ġnó eile aċ ċun go ndéanfá aoir ar an Eaglais. Má tá eagla ag daoine eile róṁat féin agus roiṁe do ċuid aoirṫe, curfar i n-iúil duit ná fuil aon eagla anso róṁat. Dá