Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

88

na croinnte toraṁla agus na bláṫa cuṁarṫa a ḃíoḋ ag síor-ċromaḋ a gcinn faoi ualaċ drúċta agus gréine!

Ḃí an ḃean óg an-aoiḃinn, an-áluinn, an-spéiseaṁail agus má ḃí sé ag tnúṫ le cogaḋ agus le coṁluadar fear féin, do ċeap an fear gníoṁarṫa a ḃí ’na ḟeallsaṁain dá aiṁḋeóin go ḃféadfaḋ sé na bliaḋanta a ċur ḋe go tairḃeaċ ’ġá sgrúduġaḋ. A nósa agus a béasa, a mion- nósa agus a fó-ḃéasa, a tréiṫre agus a cáiliḋeaċt, ba ṁór an t-aḋḃar iongantais ḋó iad uile. A Ṡíneaċa na gcarad, ná déanaiḋ gáiriḋe faoi naċ ḃfuil sé ’sna leaḃ- raiḃ go ḃfuil fir ealaḋan ann a ċaiṫeas a saoġal iomlán ag sgrúduġaḋ nósa agus saoġail na mbeaċ agus na ḃféileacán agus na seangán agus na ndormán, agus feiṫidí beaga naċ iad. Ní hiongnaḋ liom gur ċeap an mac ríoġ go n-éiriġeaḋ leis bliaḋanta a ṗíonúis a ċur de ag sgrúduġaḋ nósa an ainṁiḋe is áirde intinne dá ḃfuil fán mbiṫ aċt aṁáin an fear.

IV.

Ḃí an mac ríoġ lá ’na ṡuiḋe faoi’n gcrann fíneaṁna nuair a ṫáinig an ḃean óg ċuige. Ḋearc sí ar na figiúireaċa a ḃí sgríoḃṫa aige sa ngainiṁ:

365 x 6, sin 2,190.

“Mise mo ḃannaiḋe ḋuit,” ar sise go gealġáireaċ, “naċ ag coṁaireaṁ an ṁéid lá ḃéas ort fanaċt i n-aonḟeaċt liom atá tú anois! An eaḋ? Go deiṁin féin ní heaḋ. Ná habair gurab eaḋ, mar ní ċreidfiḋ mé uait é agus an spéis ṁór a ċuir tú ionnam le bliaḋain,” agus ċuir sí láṁ timċeall a ṁuinéil.

“Naċ ag coṁaireaṁ an méid lá ḃeaḋ againn le ċéile ḃí tú nuair a ṫáinig mé ort?” ar sise, “tá ḟios agam gurb eaḋ; agus an ċaoi leig tú ort bliaḋain ’s an lá