Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

89

indiu go raiḃ cuṁa agus brón an saoġail ort go raiḃ sé i ndán duit na seaċt mbliaḋna sin a ċaiṫeaḋ liom-sa! Ó, naċ tú an gleacaiḋe! Le éad a ċur orm-sa rinne tú é, naċ eaḋ? Ó! ’seaḋ, cuirfead faoi ġeasaiḃ troma anois ṫú ḋá uair sa ló ar a laiġead a’ ṫaḃairt dom im’ aonar; caiṫfiḋ tú a ḋéanaṁ, nó..... Agus trí huaire an ċéad ḃliaḋain eile, agus ceiṫre huaire an ḃliaḋain ’na cionn agus mar sin de. Annsin beiḋ cleaċtaḋ agat a ḃeiṫ dom’ uireasḃaiḋ nuair a ḃéas orainn sgaraḋ le ċéile i gceann sé mbliaḋna.”

(Tá cuid ṁaiṫ leaṫanaċ agus bileóg breacṫa ag an uġdar Síneaċ annseo ag cur síos ar na mnáiḃ agus ar a dtréiṫriḃ agus an ceangal atá idir fearaiḃ agus mnáiḃ. Ag tagairt don ṁac ríoġ a ḃí sé, agus ’sé a ḃaraṁail gur sgaoileaḋ an greim cruaiḋ a ḃí ag an mnaoi air nuair ab’ éigin dó fuireaċt ’na foċair i gcoṁnaiḋe; naċ raiḃ coṁaċt san ngreim sin aċt nuair a ḃí sé ’na cumas imṫeaċt uaiḋ; agus nuair a sgaoileaḋ an tsean-tsnaiḋm ġráḋa ḃí eatorṫa i dtosaċ gur ceangluiġeaḋ snaiḋm eile a ḃí níos buaine ná an ċéad ċeann .i. an tsnaiḋm a ḃí idir fear ealaḋan agus aḋḃar a ealaḋan.)

Dá mbeaḋ ar an ḃfear ealaḋan sgrúduġaḋ i ndiaiḋ ḃáis a ḋéanaṁ ar a ṁáṫair le n-a ealaḋain a ċur ċun cinn is cinnte naċ loicfeaḋ sé. An iongnaḋ é gur leig an mac ríoġ air go raiḃ gean mí-ċuiḃeasaċ aige don ṁnaoi óig? Maraċ gur leig ní noċtóċaḋ sí a tréiṫre iomlán ḋó. Agus d’éiriġ leis. Ní raiḃ aiṁreas uirṫi nárḃ’ é a searc é, aċt ar uairiḃ. Annsin deireaḋ sí:

“Ó, naċ fuair-intinneaċ cruaḋ-ċroiḋeaċ an duine ṫú!”

Agus do sgaoileaḋ sé cainnt ḟileata uaiḋ ’na ċaise dá molaḋ agus dá meallaḋ. Leis an dúṫraċt agus leis an dílseaċt a ḃíoḋ sa ċaint sin, ní ċeapaḋ aon ḃean, dá tuigsionaiġe í, go nduḃraḋ i n-aon turas í le n-a bréagaḋ.