Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/97

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

87

seaċt mbliaḋna luaiḋte aici-sean. D’ḟiafruiġ sé ḋi é.

“Ceiṫre bliaḋna fiċead,” ar sise.

Ṫuit an croiḋe ann. Ḃeaḋ air na seaċt mbliaḋna a ċuir ḋe i ḃfad ó ċogaḋ, agus ó ċlasgairt claiḋeaṁ cruaḋ.

Ḃí cipín beag ’na láiṁ aige, agus ṫosuiġ sé ag sgríoḃaḋ ar an ngainiṁ ġeal leis an gcipín, agus an ḃean óg ag dearcaḋ air, aċt nár ṁoṫuiġ sé ann ar ċor ar biṫ í. Ag seo an rud a ḃí le feiceál aici ar an ngainiṁ i ndiaiḋ a láiṁe ...

365 x 7, sin 2,555.

“Agus tá brón air go ḃfuil air 2,555 lá a ċaiṫeaḋ liom-sa,” ar sise agus ṗléasg sí ag caoineaḋ. Ṫáinic na deora géara guirt ó n-a súiliḃ an oiḋċe sin go frasaċ agus níor éiriġ leis an mac ríoġ iad a ċosg má rinne sé a ḋíċeall féin.


∗             ∗

Fear géarċúiseaċ tuigsionaċ fad-ḃreaṫnuiġeaċ dob eaḋ an mac ríoġ. Fear gníoṁarṫa dob’ eaḋ é ó nádúir, aċt óir naċ raiḃ faill aige na gníoṁarṫa móra a ḋéanaṁ ó ḃí air seaċt mbliaḋna a ċaiṫeaḋ ar an oileán i ḃfoċair na mná deóraiġe seo, do ḃeartuiġ sé an t-aċar a ċaiṫeaḋ ar an dóiġ ba ṫairḃe agus b’inspéiseaṁla. Ní raiḃ aon imniḋe air faoi ċoṫuġaḋ, mar ḃí crainn ḟíneaṁna agus caora folláine de gaċ cineál ag fás ar an oileán. Ḃí caoraiġ bídeaċa bána ar sleasaiḃ na gcnoc féarṁar, agus tuirc agus bruic fá na coilltiḃ fairsinge. Ḃí iasg san aḃainn,—is beag filiḋeaċt ċan sé ḋi cois na haiḃne sin i dtosaċ ar ċaoi ar biṫ; ḃí iasg san ḃfairrge agus caoi aige le breiṫ orṫa; agus maidir le uisge, ḃí fuarán i n-aice an ḃoṫa agus ḃí an t-uisge ḃí ann ċoṁ glé ċoṁ folláin, ċoṁ breáġ le aon uisge dár ól sé ariaṁ. Agus