Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

86

“Go ḃfuil ort do ṡaoġal a ċaiṫeaḋ liom-sa, an eaḋ?” ar sise, agus ḃeaḋ ’ḟios agat uirṫi cé’n freagra a raiḃ súil aici leis. “Ní ḋéanfainn aṁras ar biṫ ḋíot—le mo ḃeó adéarfainn féin maraċ an náire,” agus ċeapfá uirṫi go raiḃ briseaḋ croiḋe uirṫi mar ġeall air.

“Ní le mo ḃeó aduḃras féin aċt oiread,” ar seisean.

“Ní heaḋ! D’eile?” Agus ṫáinig múisiam uirṫi.

“Seaċt mbliaḋna.”

“Seaċt mbliaḋna!” ar sise agus toċt uirṫi; seaċt mbliaḋna agus an ċaint a ċleaċtuiġ sé léiṫi! Do ṫionntuiġ sí ar a cois agus isteaċ léiṫi sa mboṫa gan a ṫuilleaḋ a ráḋ.....

B’é sin an ċéad easaontas ṫáinig eatorra.

I gceann sgaṫaiṁ ṫáinig sí amaċ ċuige arís. Ḃí rian na ndeór ’na súiliḃ.

“Agus ní’l an oiread spéise agat ionnam is go ḃfiafróċṫá ḋíom goidé an t-aċar luaḋas féin,” ar sise go deóraċ. “Cá ḃfios duit naċ mbeaḋ orainn sgaraḋ le ċéile i gceann míosa?”

A ċáirde ionṁuine, a Ṡíneaċa aereaċa aoiḃinne, tugtar a ċeart féin don ṁac ríoġ, do Ḃam-anna, an ṁí- áḋa; ḃéaraḋ sé a raiḃ aige den tsaoġal ar an láṫair sin, dá mbeaḋ ’ḟios aige go ḃféadfaḋ sé ḋul imeasg a ċoṁluadar ċróḋa ċalma ar ṗáirc an áir i ndeire míosa. Ag dearcaḋ uaiḋ ṫar an muir ċiúin, i dtreó a ṫíre dúṫċais, ṫáinig fiuċaḋ fola air agus borraḋ intinne agus ċonnacṫas dó go gcuala sé ċuige anonn ṫar fairrge clasgairt na gclaiḋeaṁ cruaḋ agus gleó na ḃfear tréan. A ḃeiṫ ’na measg, sin a raiḃ uaiḋ. Na mná, ’siad a ḃí ag milleaḋ saoġail na ḃfear, ċeap sé; annlann an tsaoġail na mná, ċeap sé; agus ní réiḋtiġeann annlann aṁáin le aon ḃéal. Casaḋ claiḋeaṁ trom cruaiḋ ar ṗáirc an áir—agus bean sgiaṁaċ le n-a ċneaḋaiḃ a leiġeas..... Aċt b’ḟéidir go raiḃ aċar níos luġa ná