Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/93

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

83

Ḃí obair ṁór stáit le déanaṁ. B’é mac an ríoġ do b’oireaṁnaiġe do’n obair; aċt cá raiḃ sé? A’ gcreidfiḋ siḃ uaim é, a Ṡíneaċa aoiḃinne? Is i gcuideaċtain mná óige ċaiṫ sé an ċuid is mó dá aimsir.....

Ḃí na Pártiġ ag éirġe dána agus ní raiḃ Bam-anna le smaċt a ċur orṫa. B’ ḟeasaċ iad naċ raiḃ fear a gceannsuiġṫe ann aċt eisean aṁáin, agus ní raiḃ aon ḟaġáil air. D’ḟógair siad cogaḋ ar na hAibitíniġiḃ. Ṫáinigeadar isteaċ ṫar teórainn ’na sluaiġte móra líonṁara ag bánuġaḋ na tíre rómpa, agus an fear a mbeaḋ sé ’na ċumas cosg a ċur leó cá raiḃ sé aċt ’na luiġe sa ḃféar ġlas ḟionnḟuaraċ cois aiḃne ag canaḋ filiḋeaċta le mnaoi óig!

Aċt ḃí fear ar na hAibitíniġiḃ aduḃairt leis féin go raiḃ sé ṫar am aca cosg a ċur leis na náṁaid; agus le eaċtraíḃ an ṁic ríoġ mar an gcéadna. Suga-sa Árd-ollaṁ dob’ ainm don ḟear dána sin, agus ċuir sé iallaċ ar an rí feis a ċomóraḋ le deireaḋ a ċur leis an obair náireaċ a ḃí ar siuḃal.

Ḃí an rí ar an ḃfeis. Ḃí maiṫe agus mór-uaisle na tíre ann, aċt cá raiḃ mac an ríoġ? Cá raiḃ an seadaire a ḃí gníoṁaċ tréan uair? A Ṡíneaċa na céille, an gáḃaḋ ḋom a ráḋ?

D’éiriġ an tÁrd-ollaṁ. Ḃí na maiṫe uile ’na dtost. Osna beag a leig an rí as cluineaḋ i ngaċ ball don ríġ-ṫeaċ é.

“A ṁaiṫe na nAibitíneaċ,” ars’ an tÁrd-ollaṁ, “níl mac ár ríoġ sa láṫair. I láṫair mná óige, ag canaḋ aṁrán ḋi cois aiḃne glé, atá sé agus an náṁa buailte linn.....”

Ṡílfeá go mbeaḋ truaiġ aige don sean-rí a raiḃ an dreaċ an-uasal an-ḃrónaċ air, aċt ní raiḃ. Ṁíniġ sé ḋóiḃ an tsean-dliġe nár cuireaḋ i ḃfeiḋm le na céadtaḃ bliaḋan roiṁe. Do réir na dliġe sin, ḃí ar ḃeirt a ḃí ró-ṫugṫa do ċoṁluadar a ċéile tréiṁe a ċaiṫeaḋ i