Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Díoġaltas na mBan.


Daoine a mbíonn gean agus gráḋ aca dá ċéile ní ḃíonn uaṫa aċt a ḃeiṫ i gcuideaċtain a ċéile de ṡíor: Cá ḃfuil an té nár ṫug an méid sin faoi deara? Cá ḃfuil an té nár ċuir spéis i n-eaċtraíḃ a leiṫéidí? Aċt ní réiḋtiġeann an gnás sin le gnóṫaíḃ an tsaoġail; agus is iomḋa sin bealaċ a ċeap an saoġal leis an gnás a ċur faoi ċois; aċt má’s fíor an sgéal atá san sean-leaḃar Síneaċ ṫug mo ḋearḃráṫair ḋom ṫar éis a ṫeaċt a-ḃaile ón Doṁan Ṫoir dó, níor ceapaḋ ariaṁ aon ḃealaċ ċoṁ héifeaċtaṁail leis an mbealaċ a ceapaḋ i gCríoċ na nAibitíneaċ anallód. Ċuireas Gaeḋilg ar an sgéal i gcoṁair carad dom atá tugṫa do na nósaiḃ sin: an féidir go n-oirfeaḋ sé do ḋream ḃeag ar biṫ de luċt léiġte an leaḃair seo? Ní ḋeárnas aċt na focail agus gluaiseaċt na cainte a aṫruġaḋ, agus ní ḋéanfainn an méid sin féin maraċ go raiḃ an sean-uġdar roinnt fadálaċ.

I.

Ḃí rí mór cumasaċ ar ċríoċ na hAibitíneaċ tráṫ. Alum-ba dob’ ainm ḋó. Ḃí mac aige ar ar tugaḋ Bam- anna, agus ba ġile leis an bpobal uile é siúd ná aon rí ná ríoġḋaṁna dá raiḃ orṫa ariaṁ, mar nárḃ’ é ċuir smaċt ar na Pártiġiḃ coṁaċtaċa, nárḃ’ é ċuir na náiṁde millteaċa niṁneaċa sin faoi ċois an tráṫ ċeap siad críoċ na nAibitíneaċ a ḃánuġaḋ? Aċt le suim ṁaiṫ aimsire is beag tráċt a ḃí ar an seadaire cróḋa, ar Ḃam-anna, peata an ṗobail. Ní ḃíoḋ sé ar ḟeis. Ní ḃíoḋ sé ar ḋáil. Agus ḃí ’ḟios ag an bpobal uile goidé an fáṫ, aċt níor duḃraḋ aon ċaint ’na ṫaoḃ aċt ós íseal sna tiġṫiḃ fíona agus sa ḃfásaċ.

82