Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/91

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

81

faoi-ḋó, an lúb lubaċ agus eile a ḃí ar siuḃal aige. Ṫáinic gráin ar an ríġ ċumasaċ ar Ċann-Aman uasal. Do ġlaoiḋ sé ċuige ar a luċt coṁairle, agus ar a luċt armála go ngaḃfaiḋe an rí neaṁ-uasal seo, an cleasaiḋe bréan seo a ḃí dá maslaḋ. Aċt is beag naċ ndeaċa a ḋá ṡúil as a ċeann nuair a ċonnaic sé a inġean féin, an Inġean Áluinn, ag déanaṁ ar an rí, ar an gcleasaiḋe agus ag taḃairt na mílte póg ḋó..... Ar an bpointe sin do lasaḋ na trillseáin a ḃí i n-áirde ar ṁullaċ an tiġe, agus ní hé Cann-Aman aṁáin a ċonnaic an gníoṁ fíor-náireaċ sin aċt a ṁuinntir uile. Aċt sul a raiḃ sé d’uain ag éinne breiṫ ar an mbeirt, agus a gcaiṫeaḋ isteaċ i n-uaċais, ḃí an rí Lú-Cúsa san ndiallaid agus an Inġean Áluinn ar ċúlóig aige ... Agus do ċonnaic an ṁuinntir uile iad ag imṫeaċt ṫar an maċaire ar nós gaoiṫe ó sléiḃte Namba.


∗             ∗

Ċonnaic mo ṁac-sa na hiongantais seo uile, le linn a óige i dtír an Ṗártiġ, agus do sgríoḃ sé cunntas ar an gcogaḋ mór fuilteaċ a ċuir Cann-Aman uasal ar Lú-Cúsa i ngeall ar an Inġin Áluinn. Tá an cunntas sár-áluinn sin le fáġáil san fiċead caibidil do’n oċtṁaḋ leaḃar dá stair. Léiġiḋ é, a Ṡíneaċa aoiḃinne....