Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

84

ḃfoċair a ċéile ar oileán uaigneaċ mara gan duine ná deóraiḋe ḟeiceál ar feaḋ an aċair aċt iad féin beirt. Ḃí orṫa beirt an méid bliaḋan ar ṁaiṫ leó a ċaiṫeaḋ le ċéile a luaḋ roiṁ ré, agus nuair a ḃeaḋ an t-aċar is luġa dár luaḋaḋ caiṫte ḃí orṫa sgaraḋ le ċéile go deó na ndeór.

Mo ṫruaiġ an sean-rí agus an ċinneaṁaint sin ag breiṫ ar a ṁac! Aċt ó ḃí an dliġe ann ní raiḃ sé ’na ċumas gan í ċur i ḃfeiḋm.

II.

Ċuaiḋ an tÁrd-ollaṁ agus a luċt leanaṁna ag triall ar ṁac an ríoġ. Cois na haiḃne fríoṫaḋ é, agus an ḃean óg ’n-a ḟoċair; ní raiḃ orṫa an dara aistear a ṫaḃairt, an áit a mbíoḋ seisean is ann a ḃíoḋ sise. Baineaḋ geit asta beirt ar ḟeiceál an Árd-ollaṁan ḋóiḃ.

Tugaḋ an mac ríoġ ar leaṫtaoiḃ. Cuireaḋ iallaċ air an méad bliaḋan ar ṁaiṫ leis a ċaiṫeaḋ i gcuideaċtain na mná óige a sgríoḃaḋ ar ṗár. Dá sgríoḃaḋ sé “le mo ḃeo,” cár ḃ’ḟios ḋó naċ n-éiriġeaḋ sé tuirseaċ ḋi gan morán aċair? Ṫárla a leiṫéid go mion minic. Agus dá n-éiriġeaḋ féin, ní ḟéadfaḋ sé aon ḃean eile ḟeiceál le n-a ṡaoġal! Dá sgríoḃaḋ sé cúpla bliaḋan, ḃeaḋ air sgaraḋ léiṫi i gceann an aċair sin, agus ní ḃeaḋ sé i ndán ḋó í ḟeiceál arís go deó.

An fear boċt!

Aċt ḃí misneaċ aige.

“Seaċt mbliaḋna,” sgríoḃ sé.

A ḋearḃráiṫraċa, a Ṡíneaċa uaisle, ná ceapaiḋ go ḃfuilim ag innseaċt na mbréag. Ḃí draoiḋeaċt ar an ḃfear boċt a ḃaint a ṫuigsint ḋe; maraċ go raiḃ, an dóiġ liḃ go n-abróċaḋ sé go raiḃ sé sásta seaċt mbliaḋna a ċaiṫeaḋ i ḃfoċair aon ṁná aṁáin? Agus a raiḃ le déanaṁ ar an saoġal! Agus a raiḃ de ṁnáiḃ ann agus de ṡeódaiḃ eile naċ iad!