Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/88

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

78

ḃím ’mo ġeógaċ ar uairiḃ, ’sé an ceólán sin ṫuas ar an ḃforaḋ is ciontaċ leis.”

D’ḟéaċ an ḃeirt aca ar an ioḋal a raiḃ na cosa geárra reiṁre ar fuaidreaḋ faoi, agus do ċeap an ḃeirt go raiḃ sé ag magaḋ fúṫa, go raiḃ sé ag ráḋ leis an ríġ naċ ḃféadfaḋ sé sgaraḋ leis féin ar ṁnáiḃ an doṁain.

“An dóiġ leat go bpósfaḋ an Inġean Áluinn ṫú, a rí?” arsa mo ṁac.

Ḃí an rí cinnte ḋe. Narḃ’ í d’ḟuasgail é? Maraċ í, naċ mbéaḋ sé faoi ġlas agus céad i n-uaċais faoi ṫalaṁ i n-árus a haṫar? Nár ṫug sí searc a croiḋe istiġ don ġeógaċ, don ċleasaiḋe? An ṁaigdean ṁánla ṁoḋṁail! “Agus beiḋ tú agam fós, a Inġean Áluinn, a óiġ aoiḃinn na súl mbeag nduḃ de ḋeóin nó d’aiṁḋeóin t’aṫar. Mo ṫruaġ ṡaoġalta gan mé ’mo ġeogaċ i ndáríriḃ,” ars’ an rí, arsa Lú-Cúsa.

Ṡíl an ḃeirt ḟear go ndéarna an láiṁḋia gáiriḋe, aċt níor ḃacadar leis. Agus annsin, do rinne mo ṁac-sa connraḋ leis an ríġ go ndéanfaḋ sé a ḋíċeall ḋó go mbéaḋ an cleaṁnas socruiġṫe.

Do ġlaoiḋ an rí ċuige ar Reaċtaire an tSuilt, agus d’orduiġ sé ḋó an uile ní a ḃeiṫ faoi réir aige i gcóṁair an aistir a ḃí le taḃairt aca. Do horduiġeaḋ ḋó feisteas druaḋ a ċur ar na cleasaiḋṫiḃ, agus feisteas coṁair- leóirí críonna a ċur ar na rinnceóiriḃ, agus cultaċa sagart a ḃeiṫ aige an luċt an ġáiriḋe, agus an uile ḋream eile dá raiḃ ’na ríoġḃruġ a ġleásaḋ dá réir. Rinne an Reaċtaire an obair seo ċoṁ clisde sin is naċ gcreidfeaḋ mo ṁac gurab í an ḟuireann ċéadna d’ḟág an ríoġḃruġ le cuairt a ṫaḃairt ar ríġ an Ṗártiġ is do ḃí ar an ḃfleiḋ, ḃíodar uile ċoṁ ciúin duairc sin. Ḃí an rí ag ceann a ṡluaiġ, agus é ag marcaiġeaċt ar eaċ ḋuḃ; a ċoṁairleóirí, idir saoiṫe agus draoiṫe ’na