Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/87

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

77

daoine a ḃí i n-ann liaṫróid a ḋéanaṁ díoḃ féin, daoine a ḃíoḋ ag gáiriḋe ó rugaḋ iad, agus gan de ċúram orra aċt gaċ cineál gáiriḋe ní b’aistiġe ná a ċéile d’ḟoġluim. Ḃí oide muinte na ndaoine seo ann, agus é ’gá dtreóruġaḋ agus ní raiḃ aon ḟear ar an gcoṁluadar a ḃí go duairc dólásaċ aċt é siúd. Agus d’éiriġeaḋ Lú-Cúsa, rí mór na réigiún sin, agus do ḃaineaḋ sé fad as a ṡróin agus as a ċluasaiḃ, ós coṁair an oide, aċt ní ḃaineaḋ a ḋiċeall mór gáiriḋe as siúd!

Níor éiriġ leis an ríġ gáiriḋe a ḃaint as; níor éiriġ, ná le Ioḋal an tSuilt féin a ḃí i n-áirde aca ar an mballa, agus é ag riaraḋ na fleiḋe. Agus ní dóċa go gclisfeaḋ air siúd gáiriḋe a ḃaint as éinne eile a cruṫui- ġeaḋ ó ṫús aimsire, aċt as an oide aṁain. Ní ḃéaḋ ort aċt féaċaint air ar a ṡróin ġeanncaiġ, ar a ṡúiliḃ beóḋa gáireaċa, ar na cosaiḃ geárra reiṁre a ḃíoḋ ar fuaiḋreaḋ faoi de ġnáṫ, agus ṫiocfaḋ gáiriḋe ort dá mbeiḋṫeá i mbéal an ḃáis. Aċt a Ṡíneaċa aoiḃinne, ní leigeann an ceannfaoi ḋom a ṫuilleaḋ cur-síos a ḋéanaṁ ar an ḃfleiḋ náiriġ seo, ná ar ḋia bréige an tSuilt; muna mbéaḋ mo ṁac féin a ḃeiṫ sa láṫair ní ċreidfinn go ḃféadfaiḋe a leiṫéid a ḃeiṫ ann an tráṫ seo den tsaoġal. Aċt ḃí mo ṁac ann, ḃí, a Ṡíneaċa na gcarad, aċt ḃí sé óg an uair sin; ḃí sé an-óg; maiṫimís ḋó.


∗             ∗

Nuair a ḃí an ḟleaḋ náireaċ seo ṫart ḃí coṁráḋ ag mo ṁac leis an ríġ, le Lú-Cúsa.

“Pósfad inġean ríoġ an Ṗártiġ,” arsa an rí arsa Lú-Cúsa.

“Beirfear ort, agus annsin ....” arsa mo ṁac.

“Ní aiṫneóċár mé. Ceapfar an ċéad uair eile, gur duine ciallṁar solaṁanta mé, agus ’seaḋ freisin; má