Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

76

geógaċ suaraċ dearóil gan éirim, agus ná ceap a rí, ná creid é, go dtug an Inġean Áluinn searc don truaġán sin atá uaiġ faoi seo.”

Ḃí faoi a lán eile ráḋ, aċt ar ḟéaċaint ar an ríoġ ḋó, do ċonnaic sé a ḋá ċluais ag corruġaḋ an nós asail óig ṁeiḋriġ; do ċonnaic sé gaċ cor agus gaċ casaḋ dá raiḃ sé a ḃaint as a ṡróin féin; do ċonnaic sé sult an doṁain ṁóir i ngruaiḋ uasail ṡoċma an ríoġ.

A Ṡíneaċa, a Ṡíneaċa aoiḃinne, b’é an geógaċ a ċam srón Ċann-Aman a ḃí ann! mo náire é! rí mór a ḃeiṫ ag imṫeaċt ar fud na gcríoċ ’na ġeógaċ! rí cumasaċ a ḋul i gcontaḃairt a ḃáis le sult agus suairceas a ḃaint amaċ! Náire liom mo ṁac nár innis sé dá ċomluadar ar áit na mbonn cé’n teaċ ’n-a raḃadar. Níor innis. Ó! go ḃfuil orm-sa an sgéal brónaċ a noċtaḋ! mo ċéad léan, agus mo réabaḋ croiḋe! Ċaoċ sé súil ar an rí. Rinne sé coṁ-ġáiriḋe leis, rinne sé coṁ-ṡuairceas leis, rinne sé ċoṁ-ḟleaḋ leis, aċt, a Ṡíneaċa aoiḃinne, naċ eól díḃ gur breáġ le ciaróig ciaróg eile? File agus fear suilt a ḃí ’mo ṁac an uair sin, aċt anois.....

Ṫáinic muinntir an ríoġ isteaċ. Na coṁairleóirí a ḃí go dorrḋa os cóṁair na bPártiġeaċ, ḃíodar gléasta i gcultaċaiḃ cleasaiḋṫe agus geogaċ anois; na saoiṫe a raiḃ sean-eólas an tsaoġail de ṁeaḃair aca ar ball, ḃí a ṁalairt de ċosaṁlaċt orra anois. A n-aiġṫe daiṫte sméarṫa ag cuid díoḃ; a gcosa i n-aer ag cuid eile; cuid eile fós a ḃí ag sgréaċaoil agus ag béiciuġaḋ agus ag léimniuġaḋ ar nós luċt buile! Ṫáinic na maiġdeana mánla isteaċ agus na buaċaillí duḃ-ċraiceannaċa, agus na giollaí suairce faoi ualaiġiḃ bíḋ; giollaí suairce eile faoi ualaiġiḃ diġe—agus deir mo ṁac liom naċ raiḃ ort aċt blaiseaḋ den diġ sin, agus do ċeapṫá nár cruṫuiġeaḋ an saoġal aċt le sult a ḃaint as. Ḃí aos ceóil agus aos seanma ann, luċt cleas agus luċt magaiḋ