Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/85

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

75

mbolg lán ann. Ba ṁór é aoiḃneas an árd-ṡagairt, é féin agus a ċoṁluċt a ḃeiṫ san ríoġḃruġ sin. Dá ḃféadfaḋ sé an fear árd, an rí mór Lú Cúsa a ḃí i gceannas na cúirte, d’ḟaġáil mar ḟear-ċéile d’inġin an ríoġ, d’inġin Ċann-Aman! Aċt an geógaċ! An geógaċ a ċam srón Ċann-Aman! An gníoṁ náireaċ sin a ḃí ag déanaṁ buaiḋearṫa don árd-ṡagart. An gníoṁ uaṫḃásaċ sin a ḃí ag cur imniḋe air; ’sé ḃí a baint codlaḋ na hoiḋċe ḋe, agus suaiṁneas an lae; ’sé a ċoinniġ é ó ċeist an ċleaṁnais a ṫarraingt anuas. Ba ṁór an truaġ an t-árd-ṡagart. Ba ḃoċt é a ċás, a Ṡíneaċa aoiḃinne.

Ḃí an rí agus mo ṁac-sa i ḃfoċair a ċéile lá, agus gan ann aċt iad féin.

“Iongantaċ an pobal iad na Pártiġ,” arsa mo ṁac.

“Iongantaċ liom iad,” ars’ an rí.

“Áluinn a dtír; uasal a mbéasa,” arsa mo ṁac.

“Áluinn a dtír; uasal a mbéasa,” ars’ an rí.

“Cumasaċ a rí.”

“Ar díriġeaḋ a ṡrón fós?” ars’ an rí, agus ḃí friġid an ġrinn ’na ṡúiliḃ duḃa loinnreaċa.

Ḋearc mo ṁac air. Deir sé liom go raiḃ greann le feiceál ’n-a ṡúiliḃ féin an uair ċéadna. D’adṁuiġ sé ḋom-sa é, a Ṡíneaċa.

“Aoiḃinn an inġean, inġean áluinn Ċann-Aman,” as seisean gan bacaḋ le ceist an ríoġ.

“An inġean ṫug searc a croiḋe do ġeogaċ,” ars’ an rí.

Ní raiḃ ḟios ag mo ṁac céard ab’ ḟeárr ḋó a ḋéanaṁ. Aċt duḃairt sé an ċainnt seo fá ḋeóiḋ:

“A ríġ ṁóir, a Lú-Cúsa, a ríġ ċumasaiġ, a aṫair do ṗobail, a ṡaoi imeasg na suaḋ, a ridire gan ċeilg, a ursain i gcontaḃairt, a ġaisgiḋiġ ṫar ġaisgiḋiġiḃ, ná tóg ar rí an Ṗártiġ é gur leag geógaċ malluiġṫe láṁ ar a ṡróin,